Méid an Téacs

45 bliain ó tosaíodh an feachtas do Scoil an tSeachtar Laoch

Meitheamh 23, 2016

Os cionn dhá scór bliain ó shin bhí feachtas ar bun i mBaile Munna i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath le scoil lánGhaeilge a bhunú sa cheantar. Craoladh tuairisc faoin bhfeachtas ar an gclár Féach ar RTÉ agus tá an tuairisc sin le feiceáil arís ar shuíomh Chartlann RTÉ

Dúirt príomhoide na linne seo Fiachra Ó Domhnaill le Tuairisc.ie gur sháraigh lucht an fheachtais na constaicí a bhí rompu na blianta fada ó shin agus gur iontach an tionchar a bhí ag an scoil ar an gceantar ó bunaíodh í.

“Tá an dara Gaelscoil anois ann i mBaile Munna, is léiriú ann féin an méid sin ar an tógáil phobail a tharla i ndiaidh bhunú na scoile seo. Ba iad lucht na n-árasán a d’éiligh an scoil, mar is léir ón tuairisc ar Féach, agus bhí go leor fadhbanna acu an scoil a fháil.

“Bhí sagart an pharóiste ag rá le muintir na háite ‘you can’t speak English never mind Irish’ le linn an fheachtais. Ach sáraíodh na constaicí agus tá an scoil ina cuid lárnach den cheantar anois. Ní chreidfeá líon na ndaoine a bheannaíonn i nGaeilge dom agus mé ag siúl timpeall an bhaile,” a dúirt Ó Domhnaill.

Dúirt sé go bhfuil mic, iníonacha agus garmhic agus gariníonacha na ndaoine a d’fhreastail ar an scoil nuair a osclaíodh í sna 1970í anois ag freastal uirthi agus go bhfuil naisc láidre teaghlaigh agus pobail le brath inti.

“Tá grúpaí ann a d’eascair ón scoil, ciorcail chomhrá, grúpaí damhsa agus ceoil agus cumainn spóirt ann a mbíonn go leor Gaeilge le cloisteáil iontu. Tá cúpla leaid ag imirt le foirne CLG Bhaile Átha Cliath agus is i nGaeilge a labhraíonn siad nuair a thagann siad ar cuairt,” a dúirt sé.

Físeán:  http://www.rte.ie/archives/2016/0620/796840-ballymun-as-gaeilge/