Méid an Téacs

Aisling dhornálaíochta Éireann Christina tagtha chun réadúlachta

Meitheamh 13, 2013

“Mian mo chroí i gcónaí ariamh é”. Sin go díreach mar a mhothaíonn dornálaí Ghaeltacht Mhúscraí, Christina Ní Dheasúna, a piocadh chun ionadaíochta a dhéanamh ar fhoireann na hÉireann le déanaí agus a thabharfaidh aghaidh ar an Ungáir an mhí seo chugainn chun dul san iomaíocht i gCraobhchomórtas Eorpach na mBan.

Fuair Christina, atá in aois 17, cuireadh ar dtús dul i mbun traenála le foireann sóisearach na hÉireann i mBaile Átha Cliath tar éis di na teidil náisiúnta faoi 16 agus faoi 18 a ghnóthú ceann i ndiaidh a chéile ag an Staidiam Náisiúnta an mhí seo caite. Lena cuid stíle imithe i bhfeidhm ar an lucht stiúrtha le linn traenála, roghnaíodh an dalta ó Choláiste Ghobnatan, a thabharfaidh faoin Ardteist an bhliain seo chugainn, don fhoireann náisiúnta le dul i mbun dornálaíochta in Keszthely, an Ungáir ar an 2ú-7ú Iúil. Beidh Christina, ar seaimpín dornálaíochta náisiúnta faoi aois é a deartháir Micheál chomh maith, mar bhall d’fhoireann náisiúnta na mban in éineacht leis an seaimpín Oilimpeach Katie Taylor, a casadh léi i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Tá Christina, ó Chúl a’ Bhucaigh, Cill na Martra, i mbun dornálaíochta ó aois 12 i leith agus mhínigh a máthair, Helen, go bhfuil sé mar mhian fadsaoil aici a bheith roghnaithe d’fhoireann na hÉireann. “Tá sceitimíní an domhain uirthi ina leith agus tá sí thuas i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo ag traenáil leis an bhfoireann náisiúnta. Táimid ar fad thar a bheith sásta di toisc gur é mian a croí é dornálaíocht ar son na hÉireann,” a dúirt sí.

www.eveningecho.ie