Méid an Téacs

Amhráin óige Mhúscraí taifeadta ar dhlúthdhiosca

Bealtaine 9, 2013

Tá amhráin óige atá tugtha le sliocht ó ghlúin go glúin i nGaeltacht Mhúscraí, ar fáil anois do lucht éisteachta níos leithne a bhuíochas le dlúthdhiosca nua-thaifeadta.

Seoladh an dlúthdhiosca ‘An Bóthar ó Thuaidh’ de chuid rannpháirtithe Scéim Aisling Gheal san Ionad Cultúrtha le déanaí, agus cuirfear é ar fáil do scoileanna ar fud na tíre.
Mar chuid den dlúthdhiosca bhí páistí ó scoileanna náisiúnta i gCúil Aodha/Barr d’Inse, Baile Mhúirne, Cill na Martra, Béal Átha’n Ghaorthaidh agus Coláiste Ghobnatan i mBaile Mhic Íre, faoi stiúir múinteoirí Aisling Gheal, Eilís Ní Shúilleabháin, Eibhlís Uí Thuama agus Máire Ní Chéileachair. I measc an 19 traic gan tionlacan ceoil tá a leithéidí ‘Ó hí, ó hí a deir an bhó’, ‘Bog Braon’ agus ‘Séamuisín’ do pháistí óga, i dteannta le ‘Téir Abhaile ’riú’, ‘An Lacha Bhacach’ agus amhrán Mhúscraí ‘An Poc ar Buile’.
Dúirt comhordaitheoir an taifeadta Liadh Ní Riada: “Is amhráin áitiúla iad ar fad a d’fhoghlaimíomar ónár dtuismitheoirí agus seantuismitheoirí.

“Theastaigh uainn traidisiún na hamhránaíochta sa cheantar, i gcanúint agus i bhfoghraíocht Mhúscraí, a chur chun cinn agus a chaomhnú,” a luaigh Liadh, a dúirt go raibh sé ar intinn na páistí a thaifeadadh ag canadh na n-amhrán ionas go bhféadfadh páistí eile iad a fhoghlaim ag an airde céanna, le cúnamh na liricí atá ar fáil sa leabhrán a ghabhann leis an dlúthdhiosca. Dúirt sí go raibh Scéim Aisling Gheal, a fheidhmíonn trí na scoileanna áitiúla, ag cabhrú chun an traidisiún amhránaíochta ar an sean-nós a bhfuil clú ar Ghaeltacht Mhúscraí ina leith, a choimeád beo. Táthar ag súil go mbainfear úsáid as an dlúthdhiosca mar áis teagaisc i scoileanna eile, leis an tacaíocht atá faighte aige ón Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht, fad a thug Ealaín na Gaeltachta agus Comhairle Contae Chorcaí tacaíocht don Scéim Aisling Gheal.
Is iad Julie Ní Choinceanainn, Maebh Ní Dhuinnín, Dara Ó Loingsigh, Mary Jo Ní Éalaithe, Ailsa Ní Fhuaráin, Róisín Ní Ríordáin, Dylan de Faoite, Gearóid Ó Cróinín, Eoin Ó Conaill, Jack Ó hÉalaithe agus Tadhg Ó Ríordáin na páistí a taifeadadh ar an dlúthdhiosca. Tá ‘An Bóthar ó Thuaidh’, taifeadta ag Tadhg Ó Céilleachair i mBaile Mhuirne, ar dhíol sna siopaí áitiúla ar chostas Euro 15.

www.eveningecho.ie