Méid an Téacs

An Gaeloideachas – croílár na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

Samhain 29, 2010

Bhí Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo ar siúl an deireadh seachtaine seo caite i hTulach Mhór agus ba é an tAire Pat Carey a d’oscail é.

Ina óráid, thug sé aitheantas oifigiúil don ról fíorthábhachtach a bheidh ag na scoileanna lán-Ghaeilge i bhforbairt na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge a bheidh lárnach do thodhchaí na Gaeilge mar theanga bheo. Rinneadh ceiliúradh ar dhíograis agus ar dhúthracht Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh ar son earnáil na Gaelscolaíochta i ndiaidh do Ó Muircheartaigh óráid bhreá a thabhairt ar thábhacht na Gaelscolaíochta sa tsochaí, sa stair agus sa todhchaí.

Labhair Príomhchigire Cúnta na Roinne Oideachais agus Scileanna, Éamonn Murtagh, ar thacaíocht iomlán na Roinne don Ghaeloideachas, agus d’aithin sé ról lárnach na Gaelscolaíochta agus obair luachmhar na múinteoirí i gcur chun cinn na straitéise. Leag sé béim ina chuid cainte ar luachanna agus ar bhuntáistí an chórais tumoideachais agus thagair sé don dul chun cinn atá déanta ar cheist an luath-thumoideachais de bharr comhráití leanúnacha le Gaelscoileanna Teo., eagrais eile agus scoileanna . Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta, ina leith, “Fáiltímid go mór roimh aitheantas agus tacaíocht oifigiúil na Roinne don chóras oideachais is éifeachtaí sealbhaithe teanga in Éirinn. Beimid ag súil go mór le dul i gcomhairle leis an Roinn maidir leis an dréacht-Ionstraim Reachtúil a bheidh á eisiúint go luath chun a chinntiú go léireofar tríd an reachtaíocht nua buanna iomlána an chórais.”

Ghabh sí buíochas le rannpháirtithe uile na Comhdhála thar an dá lá a “chuir go gníomhach agus go paiseanta le rath na Comhdhála. Is iontach an rud é an fonn láidir ceiliúrtha a fheiceáil ar ardchaighdeán oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge agus táimid thar a bheith buíoch de na scoileanna lán-Ghaeilge a ghlac páirt ghníomhach sa phlé agus sna díospóireachtaí.” Ina aitheasc, d’éiligh Mícheál Ó Broin, Uachtaráin na heagraíochta, ar an Roinn Oideachais agus Scileanna, “beart a dhéanamh de réir briathair i gcomhthéacs forbairt na hearnála Gaelscolaíochta trí infheistíocht chuí a dhéanamh sa chóras, ach go háirithe sna saincheisteanna práinneacha a bhaineann le cóiríocht chuí do scoileanna agus bunú scoileanna nua chun freastal ar an éileamh ollmhór.”

D’fhreastail níos mó ná 250 duine ar an gComhdháil agus bhí ionadaíocht ann ó na bunscoileanna, na hiar-bhunscoileanna agus na heagrais Ghaeilge agus oideachais ar bhonn 32 contae. Beidh ábhar na gcur i láthair agus na gcainteanna ar fáil ar shuíomh gréasáin na heagraíochta go luath, www.gaelscoileanna.ie.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
26 Samhain 2010