Aonad um Sholáthar do Scoileanna
Nollaig 9, 2014
Is é an tAonad um Sholáthar do Scoileanna an lár-acmhainn tacaíochta a chuireann comhairle agus treoir ar fáil do na bunscoileanna agus do na hiar-bhunscoileanna uile maidir le haon cheist a bhaineann leis an soláthar.
Tugann sé cabhair phraiticiúil do scoileanna le cén chaoi ar féidir leo a gcuid próiseas agus cleachtas a fheabhsú ó thaobh an tsoláthair de.
Déanann sé cumarsáid shoiléir le foirne scoile, a chabhraíonn leo rochtain ar chonarthaí le haghaidh earraí agus seirbhísí ar idirbheartaíodh go lárnach iad ar son na scoileanna.
Cuireann an tAonad treoracha praiticiúla ar fáil do scoileanna freisin i ndáil le dea-chleachtas an tsoláthair d’fhonn cur ar a gcumas a gcuid oibleagáidí faoi dhlí an tsoláthair phoiblí a chomhlíonadh, laistigh de thimpeallacht soláthair chasta atá ag athrú.
Tá roinnt eolais agus foirmeacha chlárúcháin do:
– Chomórtas Leictreachais do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna
– Chomórtas Gais do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna
ar fáil ar shuíomh inmheánach an Fhorais faoi ‘Soláthar do Scoileanna’.