Méid an Téacs

Apps as Gaeilge

Samhain 29, 2011

Go dtí le déanaí  ní raibh tásc ná tuairisc ar fheidhmchláir Ghaeilge a bhí curtha in oiriúint d’fhóin phóca in ainneoin go bhfuil athrú mór tagtha ar an mbealach ina mbíonn daoine ag dul ar líne.

Don chéad uair riamh díoladh níos mó d’fhóin chliste agus de ríomhairí táibléid ná ríomhairí glúine ag tús na bliana 2011. Tá daoine ag iompú ar fhóin chliste agus dá bharr sin tá iompar na ndaoine ag athrú chomh maith agus tá sé sin soiléir i measc an aosa óig ach go háirithe.

Dar le staidéar a rinne Mobile Youth i mbliana, téann 60% de dhéagóirí ina gcoladh agus an fón soghluaiste ina lámh acu.  Sula dtéann siad a choladh cuireann 45% de dhaoine a bhfuil fóin shoghluaiste acu críoch leis an lá trí chuairt a thabhairt ar an ngréasán soghluaiste.

Agus mar is eol do chách tá an éabhlóid seo bunaithe cuid mhaith ar na meáin shóisialta. Nochtann daoine a dtuairimí mar gheall ar chúrsaí an lae ar Twitter agus ar Facebook. Baintear leas as na fóin shoghluaiste mar gheall ar an ngastacht agus áisiúlacht a bhaineann leis na gléasanna agus na córais oibriúcháin atá orthu idir iPhone, Android , Windows agus Blackberry.

Lé déanaí tháinig borradh faoi líon na bhfeidhmchlár Gaeilge a bhí ar fáil ar iPhone agus ar an iPad.

1.    Enjoy Irish
Forbartha ag an gcomhlacht oideachais, Oideas Gael, tá an feidhmchlár seo dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.  Is féidir leis an duaiseoir éisteacht le comhrá Gaeilge agus a bheith ag léamh téacs an chomhrá ag an am céanna.  Tá an feidhmchlár bunaithe ar an gcúrsa Gaeilge ‘Enjoy Irish’ agus tá sé áisiúil do dhaoine atá ag iarraidh filleadh ar ais ar an nGaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil.

2.    Cúla  4
Sheol TG4 an feidhmchlár seo ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne ag tús na míosa. San fheidhmchlár tá stór beag focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile a chuimsíonn raon leathan ábhar – an aimsir, ainmhithe, gluaisteáin agus baill den chorp. Ta na focail ar taispeáint agus le cloisteáil.

3.    Bábóg Baby
Tá ainm Bhábóg Baby in airde na laethanta seo agus beidh an bréagán gleoite le feiceáil ar an scáileán beag go luath mar chuid de shraith de bheochana, ‘BB agus Bella’. Beidh sé le feiceáil ar scáileáin níos lú ná sin chomh maith  mar tá feidhmchlár ag an mbréagán ar an iPhone agus ar Android.

4.    Cliúsaíocht as Gaeilge
Tá an feidhmchlár seo ar cheann de na cinn is greannmhara atá ar fáil as Gaeilge. Tá sé bunaithe ar an leabhar a scríobh Ross Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla agus tá nathanna anseo a bhainfeadh geit as do sheanmháthair. Tá idir ghreann agus gháirsiúlacht le tabhairt faoi deara san fheidhmchlár seo ina bhfuil nathanna cainte a bhaineann leis an gcorp, mothúcháin , baothchaint agus  plámás le léamh as Gaeilge.

5.    Get the focal
Bhí an comhlacht Maithú chun tosaigh ar gach aon duine eile nuair a cuireadh  tús le héabhlóid na bhfón cliste dhá bhliain ó shin. D’fhoilsigh siad Get the Focal, foclóir ina bhfuil téarmaíocht ó Foclóir Uí Dómhnail agus Focal.ie ar fáil ann. Tá an feidhmchlár ina chabhair do gach aon duine atá ag iarraidh teacht ar an bhfocal sin nach bhfuil ar bharr do theanga. Agus bíonn sé á úsáid ag daoine ag comórtais thráth na gceist chomh maith de réir dealraimh.  Ó na buntáistí a bhaineann leis an líonra móibíleach!

©Foilsithe ar dtús ar Cogar.ie ar 23 Samhain 2011