Méid an Téacs

Bua na cainte ag curaidh Chomórtas Uí Chadhain Gael Linn 2011!

Eanáir 31, 2011

Tá scoileanna i gCo. Bhaile Átha Cliath  agus i gCo. na Gaillimhe  ag ceiliúradh tar éis a mbua i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Uí Chadhain Gael Linn.    Bhí an ócáid ar siúl san Óstán Heritage, Port Laoise, Déardaoin, 27 Eanáir 2011. Comórtas díospóireachta é seo a réachtálann Gael Linn go bliantúil do Ghaelcholáistí agus do mheánscoileanna Gaeltachta.  Ghlac breis agus caoga foireann páirt sa chomórtas ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.

Bhí an halla lán go doras le lucht tacaíochta na bhfoirne a tháinig ó gach cearn den tír don ócáid.  Agus é ag fáiltiú roimh an slua, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin : “Leag Gael Linn béim riamh ar an teanga labhartha. Is áthas linn go mbeidh 50% de na marcanna sna scrúduithe a mbronnadh ar scileanna cumarsáide ó 2012 amach. Beidh Gael Linn ag saothrú leis an Straitéis 20 Bliain a thabhairt chun críche”.         

Sa chraobh shóisearach,  labhair na cainteoirí  óga  go heolach ar an rún ‘Tá na rudaí is luachmhaire sa saol seo saor in aisce!’   Bhí an bua ag foireann Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath  ar fhoirne ó  Choláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus  Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí.  Is é Ciarán Ó Duinneacha an múinteoir a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí go dtí an buaicphointe seo !
‘Tá an daonlathas in Éirinn loite ag an mionpholaitíocht áitiúil!’ an rún tráthúil a pléadh sa chraobh shinsearach.  Bhí foirne ó Choláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath; Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath; Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe páirteach sa díospóireacht bhreá bhríomhar seo a mhúscail suim, spéis agus fiosracht an lucht éisteachta.    Fógraíodh ar deireadh gurb iad foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua na curaidh don tríú bliain as a chéile .    Máirín Ní Dhomhnaill agus Máire Ní Fhinneadha na múinteoirí a bhí i mbun na foirne agus iad an-bhródúil as a scoláirí, ní nach ionadh!

Chuir aoichathaoirleach na hoíche, Des Geraghty, Iar-Uachtarán SIPTU,  an-spéis sa mhéid a bhí le rá ag na cainteoirí uile a labhair agus mhol sé go hard iad as a scileanna díospóireachta!  Bhronn sé buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus bronnadh duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach.   Comhghairdeas leo go léir!