Cá bhfuil plean teanga an stáit?
Lúnasa 7, 2012
Is cosúil anois, le hainmniú Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe mar Phátrún ar mheánscoil Bhaile Chláir, nach fada go mbeidh an scoil sin ar an bhfód.
Ábhar ceiliúradh é gan amhras don ghrúpa atá ag obair go dícheallach ar an gceist seo le dornán blianta anuas.
Tá sé tráthúil áfach go raibh sé seo ar fad ag tarlú sa tseachtain chéanna a rinneadh an tAcht Gaeltachta a bhrú tríd an Dáil, agus léiríonn sé ceann de na laigí móra atá san Acht céanna. In ainneoin na ndualgas ar fad atá luaite san Acht ar na pobail Ghaeltachta chun pleananna teanga a ullmhú níl freagracht dá laghad ar an státchóras féin a bheith páirteach sa phlean agus, mar is léir le fada, tá an státchóras céanna ar a sheacht mhíle dhícheall ag iarraidh an Ghaeilge a ruaigeadh ar fad.
Mar atá léirithe go minic sa Ghaeltacht, tá tábhacht faoi leith leis an gcóras oideachais maidir le cothú teanga labhartha an cheantair agus mar thacaíocht do theanga atá faoi bhrú. Nuair a osclaítear an mheánscoil nua i mBaile Chláir beidh deireadh go deo le pé seans a bhí ann (agus is caolseans a bhí ann) tarrtháil a dhéanamh ar an gceantar Gaeltachta taobh thoir de chathair na Gaillimhe.
Fiú má tá daoine sa phobal sin sásta tabhairt faoi phlean teanga a ullmhú beidh ceann de na huirlisí is tábhachtaí a bheadh ar fáil dóibh imithe le sruth.
Agus céard é freagra an tAire Dinny McGinley agus státseirbhísigh Roinn na Gaeltachta faoi imeacht Ghaeltacht an Achréidh “ní bhaineann sé linne, baineann sé leis an bpobal.”
www.advertiser.ie/galway