Méid an Téacs

Cead tugtha ag an Roinn Oideachais an luath-thumoideachas Gaeilge a chur i bhfeidhm

Samhain 13, 2015

Fógraíodh inniu dhá leagan de Churaclam Teanga na Bunscoile, leagan amháin do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus leagan eile do scoileanna a bhfuil an Béarla mar theanga theagaisc iontu.

Ní dhéanfar aon idirdhealú idir an chaoi a múintear an Béarla agus an chaoi a múintear an Ghaeilge i mbunscoileanna an stáit feasta.

Fógraíodh inniu dhá leagan de Churaclam Teanga na Bunscoile, leagan amháin do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus leagan eile do scoileanna a bhfuil an Béarla mar theanga theagaisc iontu. 

Leagtar síos i gciorclán nua atá eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna inniu go cuirfidh an curaclam nua an struchtúr céanna i bhfeidhm ar an nGaeilge agus ar an mBéarla i mbunscoileanna.

Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbeidh cead anois ag scoileanna lánGhaeilge agus scoileanna Gaeltachta an luaththumoideachas a chur i bhfeidhm go deireadh rang na naíonán sinsearach.

Is do pháistí óga óna naíonáin bheaga go rang a dó atá an curaclam nua deartha agus díreofar ar scileanna i bhforbairt na teanga labhartha, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta.

‘’Leasú suntasach a mbeidh fáilte roimhe é seo ar conas a fhoghlaimíonn na daltaí is óige a gcuid scileanna teanga. Den chéad uair, ní bheidh idirdhealú ann sa chur chuige idir teagaisc na Gaeilge agus an Bhéarla.

“Tá torthaí foghlama soiléire agus clocha míle forbartha leagtha síos sa dá theanga dár bpáistí óga,” a dúirt an tAire Oideachais Jan O’ Sullivan.

Cuirfear an curaclam nua i bhfeidhm de réir a chéile ó mhí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn agus beidh gach snáithe den churaclam nua á múineadh do pháistí faoin mbliain 2018.

Le linn na scoilbhliana 2016/17 cuirfear béim ar an teanga labhartha, tosófar ar an léitheoireacht agus scríbhneoireacht sa scoilbhliain 2017/2018 agus ó mhí Mheán Fómhair na bliana 2018 ar aghaidh cuirfear na snáitheanna go léir den churaclam nua i bhfeidhm do ranganna na naíonán go rang a dó.

Táthar ag súil le tús a chur le curaclam nua do ranganna ó rang a trí go rang a sé sa bhliain 2019.

Bhain conspóid mhór le cinneadh an iarAire Oideachais Mary Hanafin sa bhliain 2007 ciorclán a eisiúint a chuir cosc ar an luath-thumoideachas Gaeilge i scoileanna. Dúirt Hanafin ag an am go mbeadh an dalta a gcuirfí luath-thumoideachas air faoi mhíbhuntáiste ina dhiaidh sin dá gceadófaí a leithéid. Dúirt sí go dtógfadh sé ocht mbliana an taighde a dhéanamh faoi impleachtaí an luath-thumoideachais.

Cháin eagraíochtaí Gaeilge go láidir an tAire Hanafin ag an am agus cuireadh ina leith go raibh neamhaird déanta aici ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta a thaispeáin nach míbhuntáiste ach a mhalairt a bheadh ag an bpáiste a gcuirfí luath-thumoideachais air.

http://tuairisc.ie/cead-tugtha-ag-an-roinn-oideachais-an-luaththumoideachas-gaeilge-a-chur-i-bhfeidhm/