Méid an Téacs

Cearta teanga

Meán Fómhair 30, 2011

“AGUS cad a d’fhoghlaimís ar scoil inniu, a stór?” “D’fhoghlaimíomar faoinár gcearta teanga agus faoin dtábhacht a bhaineann le féiniúlacht, náisiúntacht agus cultúr an duine.” “Ambaiste, ní cuimhin liom faic faoi chearta teanga nuair a bhíosa ar scoil.”

“Nach sibhse a bhí aineolach, a Dheaid. Tá ár gcearta teanga fréamhaithe i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.”

“Mar sin é?”

“Sea, in Airteagail 2, 15 agus 19 le bheith beacht faoi.”

Seans go gcloisfear comhrá mar an ceann thuas i dteaghlaigh ar fud an Stáit má éiríonn le tionscnamh nua ilmheánach oideachais a sheol Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, i nGaillimh inné, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Tabharfaidh an tionscnamh nua, Cearta Teanga, a d’fhorbair Oifig an Choimisinéara Teanga, deis do gach dalta scoile dara leibhéal foghlaim faoi chearta teanga.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, leis an gcolún seo go bhféadfadh an tionscnamh nua a bheith ar an mbeartas “is tábhachtaí ag m’Oifig ó bunaíodh í má chiallaíonn sé go mbeidh an tábhacht atá le cearta teanga á teagasc do líon suntasach daltaí gach bliain”.

Múinfear an tionscnamh oideachais dátheangach nua mar chuid de chúrsa an Teastais Shóisearaigh san Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil agus painéal de mhúinteoirí OSSP a d’fhorbair an t-ábhar le cabhair ó eagraíochtaí eile.

Deineadh tástáil ar an tionscnamh ar bhonn píolótach i 15 scoil anuraidh agus, bunaithe ar an aiseolas, dúirt Ó Cuirreáin gur léir gur fheidhmigh Cearta Teanga “mar thaca do mhúineadh na Gaeilge féin”.

Bhí “folús” faoi láthair ann maidir le múineadh na Gaeilge mar go n-éilítear ar dhaltaí an Ghaeilge a fhoghlaim gan aon “chomhthéacs” d’fhoghlaim na teanga a thabhairt dóibh. “Thar rud ar bith eile ba cheart go gcinnteodh an tionscnamh seo go dtugtar comhthéacs d’fhoghlaim na Gaeilge do dhaltaí agus go mbeadh tuiscint agus meas acu ar an gcoincheap a bhaineann le cearta teanga,” a dúirt sé.

Mar chuid den phacáiste teagaisc, atá á dháileadh faoi láthair ar gach scoil dara leibhéal, tá sraith de cheachtanna scoile agus tionscadail ghníomhacha, leabhrán do mhúinteoirí, CD Rom, DVD de ghearrthóga físe, ag áireamh an ghearrscannáin aitheanta Yu Ming is Ainm Dom , agus póstaeir.

Irish Times