Méid an Téacs

Ceiliúradh ar shiopa Green’s

Samhain 28, 2013

Tháinig slua páistí bunscoile ó Scoil Iognáid agus Gaelscoil Dara le chéile ag ócáid seolta Greene’s Shoes Saves Christmas / Shábháil Bróga Greene An Nollaig.

Ba í Lisa Brady ó i Radio a sheol an leabhar dátheangach do pháistí atá foilsithe ag an gcomhlacht Greene’s Shoes mar cheiliúradh ar 75 bliain de shaol an chomhlachta. Rachaidh an brabach uilig óna leabhair a dhíoltar i nGaillimh chuig Pobal Simon na Gaillimhe chun cabhrú leo ina gcuid oibre le daoine gan dídean i gceantar na Gaillimhe. Is í Evelyn Mc Glynn a scríobh an leabhar, is é Seán McDonagh ón gCaisleán Gearr a d’aistrigh é go Gaeilge agus is í Keilidh Cashell mac léinn Ard Teiste ó Chontae Mhuineacháin a mhaisigh an leabhar.

www.advertiser.ie