Méid an Téacs

Cinneadh ar bith faoi mhaoiniú an Fhorais

Nollaig 19, 2012

Ní dhearna Foras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas socrú ar bith maidir le maoiniú eagras Gaeilge ag an gcruinniú deireanach a bhí acu, Dé Céadaoin seo caite.

Eisíodh ráiteas i ndiaidh an chruinnithe: “Ag aithint an riachtanas atá le hathrú san earnáil, phléigh na hAirí athbhreithniú Fhoras na Gaeilge ar an bunmhaoiniú a bheidh mar ábhar plé ag an gcéad chruinniú eile i bhformáid rannach an Fhorais Teanga in 2013.”

Bhí Airí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan agus Dinny McGinley, agus a gcomhghleacaithe ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh, Cearál Ní Chuilín agus Johnathan Bell, i láthair ag an gcruinniú.

Mhol an Foras an tSamhail Nua Mhaoinithe mar mhúnla nua maoinithe d’eagrais ach tarraingíodh sin siar agus tuigtear go bhfuil plean nua ar na bacáin. Mar chuid de seo, beidh ne ceann-eagraíochtaí uilig lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Dar le ráiteas ón Aire Ní Chuilín, níl sí sásta leis seo. Ar an 11 Deireadh Fómhair sa Tionól, thug sí freagra ar cheist ó Dhominic Ó Brolcháin: “Deimhním 100% go dtroidfidh mé ar son na n-eagras atá bunaithe anseo sa Tuaisceart,” ar sise.

Beidh an céad cruinniú eile de Bhord an Fhorais ar siúl ar an 25 Eanáir. Ní fios dáta an chruinnithe den Chomhairle Aireachta, ná an t-amscála atá ag an bhForas chun scéim nua mhaoinithe a chur i bhfeidhm.

www.gaelsceal.ie