Méid an Téacs

Comórtas Clár Raidió do Mheánscoileanna do Bhliain na Gaeilge

Samhain 27, 2018

Tá comórtas clár raidió do mheánscoileanna fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018.  Tá duais €1000 don chlár raidió is fearr.

Déanann Bliain na Gaeilge ceiliúradh ar theanga na nGael, agus ó mhí Eanáir i mbliana bhí réimse leathan imeachtaí agus tograí ar bun agus é mar aidhm acu suim agus rannpháirtíocht sa teanga a spreagadh i measc an phobail, agus aird a dhíriú ar thábhacht na nGaeltachtaí agus ar athbheochan na teanga le 125 bliain anuas.

Tá dhá chéim leis an gcomórtas seo ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ar dtús báire, tugtar cuireadh do scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas, moltaí a chur isteach do chlár raidió 30 nóiméad ar fhad, i nGaeilge, bunaithe ar an téama ‘Bliain na Gaeilge 2018’.  Is é Dé Luain 17 Nollaig an spriocdháta.

Ansin, roghnófar an cúig iarratas is fearr, agus cuirfear léiritheoir raidió ag obair leis na scoileanna leis na cláracha sin a chur i dtoll a chéile.  Craolfar iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn Sheachtain na Gaeilge i mí Márta 2019.

Bronnfar €1000 ar an gclár is fearr.  Is éard a bheidh á lorg ag na moltóirí cláracha a bhfuil samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leo.

Tá an comórtas seo á reáchtáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Is deis iontach atá anseo do dhaltaí scoile foghlaim faoi chúrsaí craoltóireachta agus cúrsaí raidió, agus suim a spreagadh iontu i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Tá gach eolas faoin gcomórtas agus foirm iarratais ag www.rte.ie/rnag/comortas2018  .  Is féidir ceisteanna a chur chuig comortas2018@rte.ie.

Caithfear iarratais a bheith ag RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin Luan 17 Nollaig.

–CRÍOCH–
27 Samhain 2018

Breis Eolais:

Caitríona Ní Bhaoill, Oifigeach Poiblíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
086 8769585   caitriona.nibhaoill@rte.ie