Méid an Téacs

Comórtas Clár Raidió Gael Linn

Eanáir 29, 2014

Tá Gael Linn ag glacadh le hiarratais do Chomórtas Clár Raidió Gael Linn, comórtas bliantúil a thugann aitheantas do thallann raidió úr i measc daltaí iar-bhunscoile.

Is é an dáta deireannach iontrála ná 7 Feabhra 2014, ach ní gá na cláir féin a bheith istigh go dtí 14 Márta 2014. Bronnfar duaiseanna ar mhic léinn a dhéanann cláir raidió Ghaeilge ar ardchaighdeán a léiriú agus a láithriú. Glacfar le cláir cainte, irischláir, gnéchláir srl Tá an comórtas dírithe ar mhic léinn idirbhliana go príomha agus creidtear go bhfuil sé an-oiriúnach mar ábhar le haghaidh tionscnamh do na mic léinn seo. Tá cead, áfach, ag daltaí i mbliain ar bith sa scoil páirt a ghlacadh ann agus níl aon teorainn leis an líon scoláirí ar féidir leo a bheith ag plé leis an gclár.

Cuireann na daltaí, le cabhair óna gcuid múinteoirí, clár raidió ar a rogha téama le chéile, a mhaireann idir 15 agus 20 nóiméad. Is féidir rogha cur chuige nó comhdhéanamh a úsáid – m.sh. agallaimh, comhrá, ceol beo, nuacht agus eile. Glactar le drámaí raidió chomh maith. Tá dhá roinn sa chomórtas, roinn amháin d’iarbhunscoileanna ina ndéantar teagasc trí Ghaeilge agus an roinn eile do na scoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu. Bronnfar trí dhuais náisiúnta, urraithe ag Raidió na Gaeltachta, ar na trí chlár is fearr, is cuma cén roinn ina mbeidh an scoil ag iomaíocht. Ina dhiaidh sin bronnfar trí dhuais, urraithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann, ar na trí chlár is fearr i ngach roinn.

Tá gach eolas faoin gComórtas gClár Raidió 2014 ar shuíomh Gael Linn ag www.gael-linn.ie agus is féidir éisteacht ansin chomh maith leis na cláir a bhuaigh duaiseanna sa chomórtas anuraidh. Nó is féidir glaoch ar riarthóir an chomórtais, Niamh de Búrca, ag 01 6753303.

www.carlow-nationalist.ie