Méid an Téacs

Cruinniú ar son chearta teanga

Nollaig 20, 2013

Tá an-spéis léirithe sa chruinniú poiblí atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar Dé Sathairn 11 Eanáir.

Is freagra é an cruinniú seo ar an bhfearg atá ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoin síor ionsaí atá á dhéanamh ag rialtas Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, agus an córas stáit trí chéile, ar na cearta ar fad a baineadh amach don Ghaeilge sa tréimhse sular tháinig an Comhrialtas seo i gcumhacht.

Is freagra é ach go háirithe ar an easpa tacaíochta d’oifig an Coimisinéir Teanga, easpa tacaíochta a ba chúis do Sheán Ó Cuirreáin a fhógairt go bhfuil sé ag éirí as a phost mar Choimisinéir Teanga.

Tá cuireadh tugtha ag Conradh na Gaeilge don phobal uilig freastal ar an gcruinniú poiblí.

www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar Gaelport.com 19 Nollaig 2013

Galway Advertiser, Lár Sráide – Peadar Mac Fhlannchadha