Méid an Téacs

Cruinniú Poiblí ar son chearta na Gaeilge

Eanáir 30, 2014

Tabharfar deis do phobal Chonamara díospóireacht a dhéanamh ar na hionsaithe leanúnach atá a dhéanamh ag an Stát ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, ag Cruinniú Poiblí a bheidh ar siúl Dé Luain seo chugainn, 3 Feabhra, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

Cuirfear tús leis an gcruinniú ag 8.00i.n. Tá an cruinniú á eagrú mar chuid d’fheachtas cearta atá bunaithe mar thoradh ar an ngéarchéim a cruthaíodh nuair a d’fhógair An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go mbeadh sé ag éirí as oifig de bharr na heaspa éisteachta atá faighte aige ón Rialtas ó dheas. Tá an cruinniú seo á chomhordú ag Conradh na Gaeilge, bunaithe ar na héilimh a tháinig chun cinn ag an gcruinniú poiblí a eagraíodh i Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath ar an 11 Eanáir. D’fhreastail breis agus 200 duine ar an gcruinniú sin agus aontaíodh feachtas uile oileáin a eagrú chun ceart na teanga a sheasamh.

Is é an gníomhaí teanga, Donncha Ó hÉalaithe, agus Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge a bheidh mar aoichainteoirí ag an gCruinniú Poiblí agus is í Nórita Ní Chartúir, ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OE Gaillimh, a bheidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

www.advertiser.ie