Méid an Téacs

Cúis na teanga le cur chun cinn trí dhífhostaíocht

Iúil 17, 2013

Tá 18 oibrí teanga – ar a laghad – lena gcuid postanna a chailleadh faoi mhúnla úr maoinithe Fhoras na Gaeilge.

D’fhógair an foras agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas an tseachtain seo caite go raibh córas nua maoinithe le cur i bhfeidhm leis na heagrais dheonacha. Beidh 6 “cheanneagraíocht” freagrach as Gaeloideachas; oideachas in earnáil an Bhéarla; forbairt phobail; deiseanna leis an Ghaeilge a úsáid; ardú feasachta agus forbairt deiseanna do dhaoine óga leis an teanga a úsáid. Leanfaidh Foras na Gaeilge le maoiniú na n-eagras mar atá siad go dtí Iúil 2014. Is faoi na ceanneagraíochtaí amháin a bheidh sé an obair a chur i gcrích ina sainréimsí ina dhiaidh sin agus tá cainteanna ar siúl idir an foras agus grúpaí faoin mhúnla faoi láthair.

D’eisigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ráiteas inné a bhí duairc go maith faoin phróiseas céanna: “… cén todhchaí a d’fhéadfadh a bheith ann d’eagraíocht nach roghnaítear mar cheanneagraíocht? Iarrfar léirithe spéise ó dhreamanna chun feidhmiú mar cheanneagraíocht, ach ní fios go fóill cén cineál tacaíochta a d’fhéadfadh an cheanneagraíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí eile, nó cén struchtúr don chineál seo tacaíochta a bheadh inghlactha ag Foras na Gaeilge.” Thug Gael Linn le fios gur bheag baint a bhí ag an earnáil dheonach leis an socrú nua agus gur dheacair a fheiceáil cad é mar a réiteofaí na heagrais ar fad – 16 faoin socrú nua – leis an chur chuige nua. Thug preasráiteas caithréimeach an fhorais le fios go raibh “deireadh anois leis an éiginnteacht maidir leis an todhchaí, éiginnteacht a bhí ag cothú míshuaimhnis, imní agus deacrachtaí” ó bhí 2008 ann. Faraor, níor luaithe an ráiteas eisithe go raibh ceannasaí an fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, ar Raidió na Gaeltachta ag rá go bhfaigheadh 18 duine san earnáil dheonach bata agus bóthar faoin scéim úr. 

Cibé rud a bhí sa ráiteas, thug caint Mhic an Fhailigh droim láimhe leis an nóisean go raibh deireadh le míshuaimhneas, imní agus deacrachtaí. Caillfear 18 post de réir a mheastúcháin féin. Beidh tionchar aige sin ar na daoine iad féin, ar fhorbairt na teanga agus ar neamhspleáchas na hoibre. Chuirfeá ceist ort féin gan amhras cad é mar a chuirtear an Ghaeilge chun cinn sa phobal agus níos lú daoine ag plé léi? Níl an t-uafás daoine i mbun oibre cheana féin (81 duine de réir an fhorais/tuairim is 60 de réir bharúil neamhoifigiúil na hearnála deonaí); is minic iad ag cur seirbhísí ar fáil de bharr nach bhfuil siad ar fáil ón Stát (nó ó na stáit!) agus caillfear a dtaithí agus a dteagmháil leis an phobal. 

www.irishtimes.com