Méid an Téacs

Dea-thionchar an dátheangachais ar léann na matamaitice

Samhain 28, 2011

Is amhlaidh go n-éiríonn níos fearr le daltaí atá dátheangach sa mhata ag an dara leibhéal agus an tríú leibhéal ná daltaí a labhraíonn an Béarla amháin, dar le tuarascáil a foilsíodh an mhí seo.

Ba é an Lárionad náisiúnta Barr Feabhais um Matamaitic agus Theagasc  agus Léann na hEolaíochta atá lonnaithe in Ollscoil Luimnigh a d’fhoilsigh an tuarascáil ar thionchar an dátheangachais ar fhoghlaim na matamaitice.

Bhí an tuarascáil bunaithe ar staidéar a rinne an Dr. Máire Ní Riordáin  thar thréimhse idir 2005 agus 2008.

Bhí sé mar sprioc ag Ó Riordáin tuiscint a fháil ar an dul chun cinn a bhí déanta ag daltaí iar-bhunscoile agus ag mic léinn ollscoile nuair a thug siad faoi Mhata sa Bhéarla, ainneoin nach raibh an Béarla ina gcéad teanga acu. Ba iad páistí ó scoileanna Gaeltachta agus ó ghaelscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht a ghlac páirt sa staidéar.

Tugtar le fios sa tuarascáil go bhfuil buntáistí fadtéarmacha ag baint le foghlaim na matamaitice trí mheán na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus go leanann na buntáistí ar aghaidh go dtí an dara leibhéal.

Ach thug Ó Riordáin faoi deara go raibh míbhuntáistí áirithe ann do dhaltaí a d’aistrigh ón ghaelscolaíocht go dtí iar-bhunscoileanna Béarla.

Is i dtosach na tréimhse ina mbíonn daltaí ag athrú ó fhoghlaim na mata trí mheán na Gaeilge go dtí an Béarla is mó a bhíonn an dúshlán do dhaltaí scoile a bhfuil an Ghaeilge acu.

Ní mór dóibh tabhairt faoi fhoclóir nua a fhoghlaim agus bíonn difríochtaí  áirithe le tabhairt faoi deara sa réim agus sa chomhréir a bhíonn ann sa Bhéarla ná mar atá sa Ghaeilge.

Tá Ní Riordáin den tuairim áfach go bhfuil tairbhe níos mó ann do chainteoirí atá dátheangach de réir mar a théann  siad i gcleachtadh ar an dá teanga.

Thug sí faoi deara chomh maith go n-iompaíonn daltaí ó theanga amháin go dtí an teanga eile go minic le linn dóibh a bheith i mbun cleachtaí matamaitice a dhéanamh.

Ceapann sí go bhfuil ábhar breise taighde le déanamh sa réimse seo agus nach mór do scoileanna agus múinteoirí a bheith ar an airdeall mar gheall ar an mbaint idir teangacha agus na hábhair a bhíonn á múineadh sna scoileanna.

Tá an tuarascáil le léamh anseo.

©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Samhain 2011.