Méid an Téacs

Eagrais Ghaeilge ar lorg aitheantais do Ghaelscoil Ráth Tó

Aibreán 28, 2010

TÁ comhghuaillíocht nua oideachais, Aitheantas, bunaithe ag cúig eagraíocht Ghaeilge – Conradh na Gaeilge; Glór na nGael; Comhluadar; An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna – agus é mar chuspóir acu tacaíocht a chur ar fáil do Ghaelscoil Ráth Tó, Co na Mí. Rachaidh daltaí na gaelscoile nua i mbun ranga Meán Fómhair na bliana seo gan aitheantas oifigiúil Stáit acu.

Dúirt urlabhraí thar ceann Aitheantas, Feargal Ó Cuilinn, leis an cholún seo go raibh pobal an cheantair “díomách” nach raibh aitheantas oifigiúil ag an scoil. Ba í an cheist a bhí pobal na háite ag cur, a dúirt Ó Cuilinn: “Táimid ann. Táimid réidh. Cén fáth nach bhfuil gaelscoil oscailte?”

Bhí 35 páiste cláraithe agus léirigh staitisticí an Roinn Oideachais féin go raibh gá le scoil nua sa cheantar. Bhí na gaelscoileanna eile sa chontae “lán go doras” agus ní raibh spás iontu.

Tháinig fás as cuimse ar phobal an cheantair le blianta beaga anuas, a dúirt sé. Bhí tuairim is 800 duine ina gcónaí ar Ráth Tó tamall de bhlianta ó shin ach bhí idir 3,000 agus 4,000 duine anois ann.

Bhí tacaíocht an phobail leis an scoil; bhí suíomh acu; bhí an obair déanta agus éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge.

Bhí rún ag na tuismitheoirí an scoil a oscailt, múinteoir a fhostú agus cloí leis an churaclam. Leanfadh siad leis an obair go dtí go bhfaigheadh siad aitheantas oifigiúil, a dúirt sé.

Faoi na tuismitheoirí a bhí sé anois tuarastal an phríomhoide a fháil, “gach pingin a bhailiú leis an scoil a choinneáil ar oscailt go ceann bliana” agus gach costas a bhain le riar na scoile a ghlanadh, a dúirt Ó Cuilinn.

Dúirt sé go bhfacthas don ghrúpa nach raibh an Ghaeilge “ar chlár oibre na Roinne”; ní raibh tacaíocht le fáil ón Roinn ach a mhalairt.

Ba é cuspóir an fheachtais nua tacaíocht airgid a fháil agus ceist na scoile a chur ar an chlár polaitiúil. Bhí cruinniú ag an ghrúpa cheana féin le hAire na Gaeltachta, Pat Carey; bhí siad ar lorg cruinnithe leis an Aire Oideachais, Mary Coughlan, agus bhí tacaíocht traspháirtí ag an scoil i measc polaiteoirí go háitiúil.

Bhí Comhairle Contae na Mí le rún tacaíochta ar son na scoile a rith ag tús na Bealtaine.

Dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, gur “ceist náisiúnta agus áitiúil” a bhí i gceist leis an diúltú; níor osclaíodh gaelscoil nua sa Stát ón bhliain 2008 agus bhí an chosúlacht ar chúrsaí nach raibh an Roinn Oideachais “sásta an Ghaeilge a aithint mar chuid den mheasúnú ar sholáthar oideachais”.

Rinne an colún seo teagmháil le Roinn an Oideachais faoi chás Ghaelscoil Ráth Tó. Agus muid ag dul i gcló, níor tháinig freagra ar bith uathu. Cuirfear i gcló é a luaithe agus a thiocfaidh sé.

PÓL Ó MUIRÍ Eagarthóir Gaeilge, Irish Times