Méid an Téacs

Éagsúlacht Phátrúnachta – Suirbhéanna ar Oscailt

Eanáir 14, 2012

Naisc chuig na suirbhéanna

Cad atá i gceist leis seo go léir?

Cé go soláthraíonn an Stát bunoideachas saor in aisce, is iad comhlachtaí pátrúnachta a bhunaíonn scoileanna agus a shainíonn éiteas na scoileanna sin agus a cheapann boird bhainistíochta a reáchtálann na scoileanna ó lá go lá.

Tá an formhór mór (96%) de bhunscoileanna na hÉireann faoi úinéireacht agus faoi phátrúnacht aicmí creidimh agus thart ar 90% de na scoileanna faoi úinéireacht agus faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí.

Tá a fhios againn go léir go bhfuil athrú mór tagtha ar shochaí na hÉireann le blianta beaga anuas. Tá teaghlaigh ina bhfuil náisiúntachtaí, reiligiúin agus creidimh éagsúla ina gcónaí anseo anois. Caithfear ár gcóras oideachais a chur in oiriúint dá bhrí sin don saol nua seo lena chinntiú go léireofar meas ar thraidisiúin éagsúla agus ar chreidimh éagsúla na ndaltaí

Fóram faoi Phátrúnacht Bunscoileanna

An bhliain seo caite, bhunaigh an tAire Oideachais agus Scileanna sainghrúpa chun dul i gcomhairle le daoine agus moltaí a dhéanamh ar conas is féidir le bunscoileanna a bheith níos cuimsithí ó thaobh traidisiún, reiligiún agus creideamh éagsúil de.

Fuair an tAire Oideachais agus Scileanna, an tUasal Ruairí Quinn T.D. Tuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais níos luaithe i mbliana agus d’fhoilsigh sé í.

Mar chuid dá fhreagra ar mholtaí an Ghrúpa Chomhairligh, tá tús curtha ag an Aire le próiseas nua chun breathnú ar an gcaoi a bhfeadfaí roinnt scoileanna atá á reáchtáil ag an Eaglais Chaitliceach a aistriú chuig comhlachtaí pátrúnachta eile i 44 ceantar ar fud na tíre. Cuirfear an próiseas seo i bhfeidhm ar bhonn píolótach ar dtús sna ceantair seo a leanas: An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Fionnbhrú (lena n-áirítear An Choill Mhór Thiar agus Beaumont), Baile Átha Troim agus an Trá Mhór.

Cén chaoi a dtarlóidh sé sin?

Is éard a tharlóidh sa chéad chéim den phróiseas seo ná go n-iarrfar ar na tuismitheoirí nó na caomhnóirí go léir a bhfuil leanaí acu atá ag freastal ar bhunscoileanna nó ar réamhscoileanna sna ceantair sin a insint dúinn cén cineál bunscoile ar mhaith leo go mbeadh a gcuid leanaí ag freastal orthu. Is éard atá i gceist ná a fháil amach cé mhéid éilimh atá i measc tuismitheoirí/caomhnóirí maidir le rogha níos leithne a bheith acu ó thaobh cineálacha scoile sna ceantair sin a bhfuil rogha teoranta iontu faoi láthair. Úsáidfear freagraí na dtuismitheoirí/gcaomhnóirí le féachaint cad iad na hathruithe atá riachtanach, más gá aon athrú a dhéanamh, chun go mbeidh rogha níos leithne ann ó thaobh bunscoileanna de sna ceantair sin.

Cé atá incháilithe chun an suirbhé a chomhlánú?

Tuismitheoirí/caomhnóirí na leanaí atá ag freastal ar bhunscoil nó réamhscoil san Inbhear Mór, i gCaisleán an Bharraigh, san Fhionnbhrú (lena n-áirítear an Choill Mhór Thiar agus Beaumont), i mBaile Átha Troim agus sa Trá Mhór. Ní chuirfear do rogha san áireamh ach amháin sa cheantar ina gcónaíonn tú agus cuirfear an chuid eile den 44 suirbhé i gcrích níos déanaí sa bhliain.

Cineálacha Pátrúnachta

Rangaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna bunscoileanna faoi láthair mar scoileanna sainchreidmheacha, idirchreidmheacha agus il-sainchreidmheacha a chuireann oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla nó na Gaeilge.

Pátrúnacht shainchreidmheach: Scoil faoi phátrúnacht pobal creidimh amháin. Cuireann a leithéid de scoil oideachas reiligiúnach ar fáil de réir thraidisiúin, chleachtais agus chreidimh an phobail reiligiúnaigh faoi leith. D’fhéadfadh sé oideachas níos leithne a chur ar fáil freisin faoi reiligiún agus éascú a dhéanamh ar iarrachtaí tuismitheoirí/caomhnóirí ó thraidisiúin chreidimh eile oideachas reiligiúnach a chur ar fáil ina gcóras creidimh féin.

Pátrúnacht idirchreidmheach: Scoil faoi phátrúnacht nó iontaobhas níos mó ná pobal creidimh reiligiúnaigh amháin. Soláthraíonn a leithéid de scoil deiseanna éagsúla maidir le hoideachas reiligiúnach.

Pátrúnacht il-sainchreidmheach: Aicmítear dhá chineál bunscoile mar scoileanna il-sainchreidmheacha i gcomhthéacs na hÉireann:

Ar an gcéad dul síos, tá na scoileanna sin nach gcuireann oideachas reiligiúnach ar fáil mar mhúnlú dá ndaltaí i rith an lae scoile, ach a chuireann oideachas ar fáil faoi reiligiúin agus faoi chreidimh éagsúla. Más mian leo, is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí socrú a dhéanamh i scoileanna den sórt sin chun oideachas reiligiúnach sainchreidmheach a chur ar fáil dá leanaí lasmuigh d’uaireanta scoile.

Ar an dara dul síos, tá na scoileanna sin a chuireann oideachas ar fáil faoi reiligiúin agus a chuireann roinnt múnlú creidimh ar fáil le haghaidh sainchreidimh éagsúla, ar iarratas tuismitheoirí, i rith an lae scoile, thar thréimhse 3 nó 4 seachtaine.

Cur síos ar Phátrúnacht

Tá an Roinn tar éis liosta de 44 ceantar a scaipeadh ar gach pátrún agus tar éis a iarraidh orthu liosta a sholáthar de na ceantair ar spéis leo a bheith ina bpátrúin iontu. D’iarr an Roinn orthu freisin cur síos gairid a dhéanamh ar an tsamhail phátrúnachta atá acu. Ní liostaítear sa suirbhé ach na pátrúin sin a léirigh spéis i bheith ina bpátrúin i gceann de na ceantair sin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sholáthraithe na bpátrún, cliceáil anseo.

Cad a tharlóidh ansin?

Foilseoidh an Roinn Oideachais agus Scileanna tuarascálacha mionsonraithe faoi thorthaí na suirbhéanna. Déanfar é sin ar bhealach a léireoidh meas iomlán ar rúndacht agus ar chearta cosanta sonraí gach duine a thabharfaidh freagra. Féach an nasc chuig an bprótacal maidir le cosaint sonraí. (cliceáil anseo).

Cuirfidh torthaí an tsuirbhé ar ár gcumas a fháil amach cad é leibhéal an éilimh i measc tuismitheoirí maidir le héagsúlacht níos leithne a bheith ann ó thaobh rogha scoileanna de sna ceantair roghnaithe. Má aithnítear go bhfuil éileamh den sórt sin ann, pléifear na roghanna i gcomhpháirtíocht leis na pátrúin agus leis na pobail scoile lena mbaineann maidir leis an gcaoi a bhféadfaí úinéireacht roinnt scoileanna a aistriú.

Ní bhunófar scoileanna breise sna ceantair de thoradh an phróisis seo.

Tuilleadh Eolais agus sonraí teagmhála

Má tá aon deacracht agat ag comhlánú an tsuirbhé nó ag iarraidh a thuiscint cad is brí leis na ceisteanna, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach chun cúnamh a fháil ag uimhir shaorghlao 1800 303 621. Beidh an líne chabhrach ar oscailt ó 9.30 r.n. go 1 i.n. agus ó 2 i.n. go 5 i.n. ó Luan go hAoine fad is atá an suirbhé beo.

Iarrtar ar gach tuismitheoir/caomhnóir atá i dteideal an suirbhé a chomhlánú é sin a dhéanamh ar líne roimh an Aoine, 9 Samhain 2012. Beidh ar gach tuismitheoir/caomhnóir atá ag comhlánú an tsuirbhé a n-uimhreacha PSP a bheith ullamh acu lena n-iontráil sa suirbhé.

Sa chás nach bhfuil na tuismitheoirí/caomhnóirí in ann an suirbhé a chomhlánú ar líne, cuirfear suirbhé ar pháipéar ar fáil dóibh. Is féidir é seo a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh leis an uimhir shaorghlao sa Roinn Oideachais agus Scileanna 1800 303 621.