Méid an Téacs

Féile Futa Fata 2015 ag teacht go Gaelscoileanna Chúige Laighean

Feabhra 9, 2015

Táimid craiceáilte faoi leabhair agus ceol anseo i Futa Fata agus tá sé de sprioc againn an grá agus an spraoi a bhaineann leis a scaipeadh ar fud na tíre.

Sin é an fáth go mbeimid ar an mbóthar, don dara bliain as a chéile le Féile Futa Fata 2015 le linn Sheachtain na Gaeilge, 02-13 Márta. I mbliana táimid ag díriú ar Ghaelscoileanna i mBaile Átha Cliath agus i gCúige Laighean.

Tá trí sheisiún spleodracha leagtha amach againn daoibh. Díreoidh seisiúin 1 ar na naíonáin go rang 1, freastlóidh seisiúin 2 ar ranganna 2-4 agus do sheisiúin 3, cuirfear ceardlann scríbhneoireachta ar fáil do ranganna 5 agus 6. Tá na seisiúin ar fad bunaithe ar mheascán dár saothar, idir leabhair agus cheol.

Táille €5 an páiste atá i gceist agus san áireamh sa phraghas, gheobhaidh gach páiste cóip de leabhar dár gcuid.

Le tuilleadh eolais agus fiosrúcháin faoi áirithintí, dean teagmháil linn ag gemma@futafata.ie. Déan go luath é – tá an dialann ag líonadh go beo.