Méid an Téacs

Féile na Gaeilge faoi lán seoil i gCeatharlach

Márta 4, 2014

Tá Féile na Gaeilge faoi lán seoil i gCeatharlach agus mairfidh an ceiliúradh ar theanga agus cultúr na Gaeilge ó thús go deireadh Mhí an Mhárta.

Tá clár iontach lán d’imeachtaí spleodracha oiriúnach do gach aoisghrúpa curtha le chéile ag Glór Cheatharlach agus, faoi mar a deirtear, tá rud éigin ann do chuile dhuine. I measc buaicphointí na Féile tá an comórtas náisiúnta Pan Cheilteach chun an t-amhrán nuachumtha Gaeilge is fearr a roghnú. Beidh 19 n-amhrán in iomaíocht ag an oíche mhór ins an Ostán Seven Oaks ar an Satharn, 8ú Márta leis an mbuaiteoir a fhógairt. Is féidir ticéid a cheannach ar líne ar www.visualcarlow.ie nó 059 9172400. Buaicphointí eile ar ndóigh ná Feis na nGael ar an 15ú Márta agus an Fhéile Drámaíochta ar an Satharn, 22ú Márta.

Tá rogha leathan d’imeachtaí oiriúnach do pháistí bunscoile agus do dhaltaí iarbhunscoile ar chlár na féile ina measc spraoicheisteanna, féile scoildrámaíochta, ceardlann ealaíne coimicí, comórtas ealaíne, slógadh spleodair agus comórtas aistí. Ar ndóigh is é Lá Le Pádraig an fhéile mhór lárnach agus ní bheidh aon easpa imeachtaí ceiliúrtha i gCeatharlach ar an lá. Ach is ar an lá roimhré, Dé Domhnaigh 16ú Márta, a reachtálfar Mórshiúl na Féile i mbliana chun deis a thabhairt dos na sluaite freastal ar an gcluiche mór iománaíochta i bPáirc an Chróchaigh ar Lá le Pádraig idir Raonaithe Shliabh Laighean agus Port Omna. Beannófar an tseamróg ag an Aifreann as Gaeilge ag 11.00r.n. maidin na Féile Pádraig ins an Ardeaglais agus cuirfear tús le Mórshiúl na Féile ag 3.30i.n. Beidh Céilí Mór na Féile an oíche sin i gClub Iomána Bhaile Cheatharlach le tosnú ag a naoi a chlog.

Is é an rún atá ag Féile na Gaeilge ná deiseanna a chruthú d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa agus don phobal i gcoitinn an teanga a labhairt agus cuirfear míle fáilte roimh gach aon duine ag na himeachtaí agus na hócáidí éagsúla a bheidh ar siúl i gCeatharlach i rith na míosa. Iarrtar ar chuile dhuine idir óg agus fásta iarracht an-speisialta a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt i rith Fhéile na Gaeilge agus spraoi a bhaint as an cúpla focal a usáid i siopaí, scoileanna, san áit oibre, ar na sráideanna agus ar ndóigh i mbun siamsaíochta. Is féidir an clár a íoslódáil ón suíomh www.glorcheatharlach.ie agus tá ch eolas faoi Fhéile na Gaeilge ar fáil ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047 nó 087 2857048.

www.carlow-nationalist.ie