Méid an Téacs

Foclóir Béarla-Gaeilge nua seolta

Eanáir 31, 2013

Rinne Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, an Foclóir Béarla-Gaeilge nua a sheoladh an tseachtain seo caite ag ócáid sa Ghailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.
Is é seo an chéad fhoclóir náisiúnta Béarla-Gaeilge ó foilsíodh foclóir de Bhaldraithe i 1959. Is féidir teacht ar an bhfoclóir nua ar líne, saor in aisce, ag www.focloir.ie. Tá nach mór aon trian d’ábhar iomlán an fhoclóra ar fáil faoi láthair. Cumhdaíonn sé sin thar 80% de ghnáthúsáid an Bhéarla. Beifear ag cur leis an leagan ar líne i mbliana agus an bhliain seo chugainn, agus foilseofar an leagan deiridh ar líne agus mar leabhar araon i 2015. “Tá an Foclóir nua ag teacht le gnás an lae inniu san fhoclóireacht chomhaimseartha sa mhéid gurb í an úsáid an tslat tomhais maidir le cad é a chuimsítear i bhfoclóirí. Tá ábhar Béarla an Fhoclóra nua bunaithe ar an tslí a n-úsáidtear an teanga sin in Éirinn agus mar an gcéanna tá an t-ábhar Gaeilge bunaithe ar Ghaeilge na Gaeltachta sa lá atá inniu ann,” arsa an Dr Pádraig Ó Mianáin, eagarthóir an Fhoclóra. “Ba mhian linn an Ghaeilge bheo a chur chun tosaigh, agus tá comhaid fhuaime as na trí mhórchanúint ag dul leis an ábhar chomh maith mar áis bhreise do lucht foghlama na teanga,” ar sé.

Tá breis agus 7,000 ceannfhocal san fhoclóir reatha, ina bhfuil 1.3 milliún focal de théacs agus thar 40,000 frása samplach mar aon le comhaid fhuaime agus treoracha cuimsitheacha gramadaí. Beidh thar 40,000 ceannfhocal san iomlán san fhoclóir faoin am a mbeidh sé críochnaithe i 2015.

www.advertiser/galway