Foilsiú an Dréacht-Bhille Oideachais 2015 (Iontráil Scoileanna)
Aibreán 9, 2015
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh fhoilsiú an Dréacht-bhille Oideachais 2015, a dhéanfaidh cleachtais iontrála na scoileanna, scoileanna lán-Ghaeilge ina measc, a rialú an uair a achtófar é agus rialacháin déanta ag an Aire Oideachais agus Scileanna ina leith.
Eascraíonn an Bille seo as comhairliúchán forleathan le roinnt blianta anuas, comhairliúchán a ghlac Gaelscoileanna Teo. páirt ghníomach ann ar son na scoileanna lán-Ghaeilge. Aithníonn Gaelscoileanna Teo. gur cuimsíodh sa Bhille an-chuid de mholtaí an Chomhchoiste um Oideachas agus Coimirce Shóisialach, a thug faoi comhairliúchán i mí Márta 2014 leis na páirtnéirí oideachais, agus a léirigh an-tuiscint ar na hábhair imní mar a bhaineann le cosaint shainmheon teanga na scoileanna lán-Ghaeilge sa rialachán atá beartaithe.
Aithníonn Gaelscoileanna Teo. bunaidhm an rialacháin atá beartaithe, sé sin córas atá struchtúrtha, cothrom agus trédhearcach do gach páiste, cur chuige a bhí riamh mar bhunsprioc ag scoileanna san earnáil lán-Ghaeilge.
Fáiltítear go hoscailte roimh gach iarrthóir ar scolaíocht lán-Ghaeilge. “Tá, áfach, go leor ceantair ann nach bhfuil soláthar lán-Ghaeilge iontu, nó nach bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge iontu in ann freastal ar an éileamh de bharr cúinsí cóiríochta. Le 43% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge agus 25% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil in ann freastal ar an éileamh, níl aon rogha ag scoileanna ach critéir iontrála a shainiú. Ní bheidh réiteach ar dhíomá na dtuismitheoirí nach n-éiríonn leo a gcuid páistí a fháil isteach sa scoil lán-Ghaeilge go dtí go mbeidh soláthar breise déanta agus feabhas ar chúrsaí cóiríochta sna scoileanna lán-Ghaeilge le freastal ar an éileamh ollmhór atá cruthaithe agus méadaitheach le blianta fada”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach.
I measc na gcritéir iontrála a bhíonn ag scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, tugann roinnt scoileanna tús áite do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge agus do theaghlaigh atá gníomhach agus a léiríonn spéis i gcur chun cinn na teanga. Tá an cur chuige seo riachtanach chun críche cosaint sainmheon teanga na scoile agus cearta teanga na bpáistí le Gaeilge ó dhúchas, páistí atá ina mhionlaigh fíor-bheag. Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. go mór roimh an aitheantais gur fearr go bhfágfaí faoi údarás na scoileanna lán-Ghaeilge slánchúis na scoileanna a chosaint, agus é sin trí chomhairiliúchán agus spiorad oscailte le pobal uile na scoile.
Le thart ar 95% de phobal na scoileanna lán-Ghaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht, comhdhéanta de pháistí a thagann isteach sa chóras gan mórán Gaeilge, nó Béarla, éiríonn go han-mhaith leis an gcóras lán-Ghaeilge buntáistí an dátheangachais agus an tumoideachais a bhronnadh ar na mílte páistí gach bliain.
Deir Uachtarán Gaelscoileanna Teo. Cathnia Ó Muircheartaigh, i gcomhthéacs an tábhacht a bhaineann le huilechuimsitheacht agus comhionannas cearta sna scoileanna lán-Ghaeilge, “ní mór dúinn a bheith an-chúramach an chothromaíocht cheart a aimsiú idir rogha tuismitheoirí agus rialachán. Tá sé riachtanach go ndéanfar soláthar ceart don scolaíocht lán-Ghaeilge, chun go mbeidh scoileanna in ann fíor-rogha a thairiscint dá gcuid pobail agus nach mbeidh páistí á ndiúltú ceal spáis nó faoi bhrú freastal ar scoil lán-Bhéarla”.
Sonraíonn an dréacht-bille go bhféadfadh go gcuirfí bac sna rialacháin ar scoileanna tús áite a thabhairt do pháistí a d’fhreastail ar réamhscoil. “I gcás na scoileanna lán-Ghaeilge áfach, bíonn an tréimhse luath-thumadh sa naíonra ina bhuntáiste ollmhór don scoil agus don pháiste chun forbairt a dhéanamh ar na scileanna teangeolaíocha i gcomhthéacs forbairt iomlán an linbh. Iarrfaimid dá réir ar an Aire athmhachnamh a dhéanamh ar an gceist seo chun leas scileanna teanga an linbh agus chun críche bonn níos láidre a chur faoin luath-thumoideachas sa bhunscoileanna”, arsa ní Ghréacháin.
Aithníonn Gaelscoileanna Teo. go bhfuil forbairt le déanamh ar roinnt de na saincheisteanna agus ábhair imní go fóill, ina measc córas cothrom achomhairc; méadú suntasach ar fhreagracht an phríomhoide as feidhmiú an pholasaí iontrála agus céatadán pháistí iardhaltaí a thabharfar tús áite dóibh. Tá Gaelscoileanna Teo. ag súil leis an deis leanúint leis an idirphlé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna mar aon le baill an Oireachtais ar na ceisteanna thuas de réir mar a théann an Bille trí chéimeanna uile na gcoistí go dtí go mbeidh sé achtaithe.