Méid an Téacs

Gaeilge éigeandála ar fáil do thuismitheoirí agus d’fheighlithe

Meán Fómhair 7, 2011

PÓL Ó MUIRÍ, Eagarthóir Gaeilge

Á, FAOISEAMH. Is tuismitheoir tú agus tá do chuid páistí ar ais ar scoil. Buíochas do Dhia, a deir tú. Ach fan. Is tuismitheoir tú a bhfuil páiste ar ghaelscoil agat.

Níl do chuid oibre ach ina tús. Caithfidh tú cúpla focal a labhairt leis an leanbh agus níl mórán Gaeilge agat nó b’fhéidir nach bhfuil mórán Gaeilge ag an fheighlí linbh agus tusa ar shiúl chun na hoifige gach lá, ag saothrú leat.

Ná bíodh imní ort. Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (www.naionrai.ie) i ndiaidh leagan nua den leabhrán – BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí – a fhoilsiú. Tá caibidlí gairide ann ar cheisteanna a chur, bheannachtaí, rabhaidh, am codlata, chúrsaí leighis agus ar thurais.

Agus ó tharla gur fhógair an t-eagras inné gur osclaíodh 25 naíonra nua i mbliana; ardú ar 17 anuraidh agus ar 5 cinn arú anuraidh, shílfeá go mbeadh go leor léitheoirí nua ann don leabhrán.

Tá na habairtí ar fad breá simplí – “Ar mhaith leat dul amach sa ghairdín?”; “Ar chodail tú go maith?”; “Ar nigh tú d’aghaidh” – agus is beag duine ar bheagán Gaeilge nach mbeadh ábalta iad a úsáid. Le cois na n-abairtí Gaeilge, tá leagan Béarla leo.

Agus ná ceaptar nach bhfuil focal nó dhó nua le fáil agat, fiú sa chás go bhfuil Gaeilge agat. Ní raibh a fhios agam féin gurb ionann “folach bíog” agus “hide and seek” ach sin an donas céim sa Léann Ceilteach a bhaint amach agus ní céim sa Léann Linbh!

Tá ceithre dhlúthdhiosca leis an leabhar agus an t-ábhar le fáil i gcanúint Chúige Uladh, Chúige Chonnacht, Chúige Mumhan agus sa Chanúint Chaighdeánach – canúint do dhaoine, is dócha, a bhfuil cónaí orthu in Dublin 4 agus a bhfuil eagla orthu go rachaidh a gcuid páistí ag caint faoi mhóin agus iascaireacht agus ní faoi sciartha bainc agus stocmhargaí na hEorpa.

(Ar cheart do lucht na Gaeilge a rá le lucht an Bhéarla atá in éadan chúrsaí aistriúcháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil an t-ádh orthu gur aistriúchán amháin a shásaíonn lucht na Gaeilge faoin reachtaíocht?)

Mar thuismitheoir le páistí óga, mheas mé go mbeadh an leabhrán ina chuidiú ag foghlaimeoir ar bith ach tá bearnaí ann.

Bíodh is go bhfuil caibidil ar bheannachtaí ann, níl ceann ar mhallachtaí le feiceáil.

Is beag duine againn a thugann faoi ruathar na scoile nach sceitheann an droch-chaint as, anois agus arís, agus tuismitheoirí eile ag páirceáil (go holc) os comhair gheataí na scoile nó ag tiomáint gan aire cheart agat ar charranna eile.

Mholfainn go láidir cúpla mallacht bhreá Ghaelach a chur sa chéad eagrán eile: “Damnú ort! Tugann tú tiománaí ort féin ach is mó ciall atá ag mo leanbh beag féin i mbun a lego ná tusa sa Lexus sin!”

Mholfainn fosta cúpla abairt éigeandála a chur ar fáil do thuismitheoirí mar ábhar rúnda acu féin ionas go mbeadh siad ábalta labhairt ar an ghuthán, cód nach mbeadh ag na páistí óga soineanta: “Dúirt an polaiteoir go mbeadh sé sa Dáil ag a sé. Tá an polaiteoir mall. Mura dtagann an polaiteoir go luath, íosfaidh an madra a dhinnéar. Agus má fhaigheann an taoiseach amach go raibh an polaiteoir ag plé leis an choiste gailf, ní fada go mbeidh an polaiteoir as oifig!”

Irish Times