Méid an Téacs

Gaelscolaíocht agus an Ghaeltacht

Meitheamh 14, 2011

Is cuimhin liom comhrá idir beirt dheirfiúr nuair a thosaigh a leanaí ag dul ar scoil. “Béarla?” arsa duine acu, “níl tú a rá liom go bhfuil sé tosaithe ar an mBéarla cheana féin. Ní chloisfidh sí seo aon Bhéarla ar scoil go mbeidh sí i rang a haon.” “Á,” arsa an duine eile, “Ní hionann Gaelscoil agus scoil Ghaeltachta.” Níor chuir mé mo ladar sa scéal ach ba léir go raibh cúrsaí bun os cionn ar fad má bhí níos mó cúraim á dhéanamh den Ghaeilge i scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht ná sa Ghaeltacht féin. Tá polasaí teanga an-chinnte agus an-simplí ag Gaelscoileanna. Gaeilge ar fad a labhartar sa chlós, i seomra na múinteoirí agus sa seomra ranga, ach amháin ag múineadh léamh agus scríobh an Bhéarla, a thosaíonn i rang a haon. Ní chloiseann an chéad dá rang naíonáin Béarla ar bith. Tugtar tumoideachas air seo. Is léir ón mborradh atá faoi líon na nGaelscoileanna go bhfuil tuismitheoirí suas síos na tíre an-sásta le caighdeán oideachais na scoileanna seo agus leis an deis a thugann sé dá leanaí an Ghaeilge a shealbhú agus iad fós an-óg, deis nach raibh ag a bhformór acu féin.

De réir mar a thuigimse é níl aon pholasaí teanga ag na scoileanna Gaeltachta trí chéile. Is deacair a chreidmheáil nach bhfuil an tumoideachas éigeantach i scoileanna Gaeltachta, nach raibh sé ón gcéad lá, ina bhunchritéir ó thaobh aitheantais mar cheantar Gaeltachta de agus freisin ina bhunchloch ó thaobh chothaithe agus chaomhnaithe na Gaeltachta de. Ag seimineár de chuid Fhondúireacht na Gaeilge, “Leas na Gaeilge, Leas an Stáit”, a bhí ar siúl mí ó shin sa Davenport i mBaile Átha Cliath, labhair Seosamh Mac Donnacha, taighdeoir agus léachtóir sa phleanáil teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, faoin “Straitéis 20 Bliain: ré nua don phleanáil teanga sa Ghaeltacht”. Nuair a luadh tar éis a chuid cainte go bhféadfaí, agus go mba cheart, an tumoideachas a thosú láithreach sna scoileanna Gaeltachta trí chéile, dúirt sé go mba mhaith an smaoineamh é ach go gcosnódh sé na milliúin ó thaobh traenála de.

Shílfeá go raibh tráth na leithscéalta caite, ach b’é seo an seanscéal céanna agus an milleán á chur ar dhream éigin eile, in áit pobal na Gaeltachta a bheith ag tógáil an chúraim seo orthu féin, mar a dhéanann pobal Ghaelscoileanna. Is maith ann an straitéis, ach ar deireadh is fúinn féin atá sé an Ghaeilge a chur chun cinn. “Plean B”, mar a dúirt duine eile. Is maith an rud an traenáil, ach ní fhaigheann múinteoirí Ghaelscoileanna aon traenáil speisialta agus is léir go n-éiríonn leo. In áit chúrsa traenála, lán teoiric agus teibíochta, b’fhéidir go mba mhó chun tairbhe an dá dhream malartú múinteoirí – seal ag múinteoirí Gaeltachta i nGaelscoil le feiceáil cé mar a oibríonn an tumoideachas agus tréimhse sa Ghaeltacht ag múinteoirí Ghaelscoileanna ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge. Ar nós na meithle fadó, ní bheadh aon chostas ag baint lena leithéid de scéim, ach chothódh sé cairdeas i measc múinteoirí a bhfuil go leor le foghlaim acu óna chéile. Le himeacht aimsire, agus méadú ar líon na dtuismitheoirí sa Ghaeltacht nach bhfuil ag tógáil a gclann le Gaeilge, tá cás na scoileanna Gaeltachta ag éirí níos cosúla le cás na nGaelscoileanna.

Tá páistí gan Ghaeilge ag teacht chuig an dá chineál scoile ach ní hionann an cur chuige sa dá chás. Sa Ghaeltacht, tá cead ag múinteoirí casadh ar an mBéarla, le cúnamh, mar dhea, a thabhairt dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge. Mar bharr air sin, nuair atá Béarla á mhúineadh sna naíonáin ní tumoideachas atá ann ach dátheangachas. Cothaíonn an dátheangachas éiginnteacht atá chun sochair na teanga láidre, ’sé sin an Béarla. Níl an dátheangachas chun leasa na ndaltaí, pé acu a bhfuil Gaeilge acu ó bhaile nó an ar scoil atá siad á sealbhú. Tá deis ag gach scoil Ghaeltachta spás lán-Ghaelach a chothú don Ghaeilge, ionas nach mbeidh sí in iomaíocht ansin leis an mBéarla mar atá sa saol mór. Leathchéad bliain ó shin b’fhéidir nár síleadh go raibh gá lena leithéid sa Ghaeltacht, ach faraor ní mar sin atá cúrsaí inniu. B’íoróineach mar scéal é má bhí níos mó Gaeilge á labhairt sna Gaelscoileanna ná sna scoileanna Gaeltachta. Cuir leis sin gurb í Gaeilge shaibhir na Gaeltachta atá á ligean i léig. Tá cinneadh le déanamh. Cinneadh nach mbraitheann ar mhaoiniú ach ar athrú meoin. Níl nóiméad le ligean amú. Cur chuige nua sa bhliain scoile atá romhainn? Tá muid ag caint ar bhás tragóideach na Gaeltachta.

The Irish Times – Éilis Ni Anluain