Leabhair do pháistí le fail saor in aisce
Márta 16, 2011
Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag tabhairt cóipeanna den fhoilseachán An Chéad Chéim amach saor in aisce do thuismitheoirí agus d’fhostaithe a bhíonn ag obair le páistí óga.
Is bunchúrsa Gaeilge é An Chéad Chéim atá dírithe ar dhaoine a oibríonn le páistí i naíolanna, Naíonraí, grúpaí súgartha agus seirbhísí iarscoile. Tá an foilseachán roinnte i gcaibidlí éagsúla mar ‘Fáiltiú ar maidin’, ‘Am lóin’ agus ‘Ag dul abhaile’. Tugtar focail agus frásaí bunúsacha i ngach caibidil, mar aon le rainn a bhaineann leis an ábhar. Tá lámhleabhar eile How to Enjoy Irish with Young Children á fhorbairt ag an eagraíocht faoi láthair chomh maith. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar na leabhair áisiúla seo ar fáil ar an suíomh Gréasán www.naionrai.ie