Méid an Téacs

Leanúntas Inspioráideach an Oideachais lán-Ghaeilge á cheiliúradh ag Comhdháil Gaelscoileanna Teo.

Samhain 18, 2014

Leanúntas Inspioráideach an Oideachais lán-Ghaeilge á cheiliúradh ag scoileanna lán-Ghaeilge ó gach cearn den tír ag Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais Gaelscoileanna Teo. ar an Aoine 21 Samhain 2014.

Tabharfaidh Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, an tUasal Seán Ó Foghlú aitheasc thar ceann na Roinne ag oscailt oifigiúil na comhdhála a bheidh ar siúl san óstán Johnstown House, ar an mBóthar Buí, Co. na Mí.

“Comhdháil ar leith is ea Comhdháil Oideachais na bliana seo”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. agus í ag tagairt do na hathruithe suntasacha atá ag teacht ar réimsí oibre na heagraíochta ó ceapadh í mar cheanneagraíocht sa réimse Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge ag tús 2014. “Tá an eagraíocht i mbun próiseas pleanála chun críche feidhmiú go héifeachtach i réimsí uile na heagraíochta, idir reatha agus nua, ach acmhainní cuí a bheith curtha ar fáil don eagraíocht chun na críche sin. Cuimsíonn feidhmeanna nua na heagraíochta earnáil na luathbhlianta lasmuigh den Ghaeltacht, mar aon le bunscoileanna agus iarbhunscoileanna sa Ghaeltacht”.

“Deis iontach a bheidh sa Chomhdháil seo ionchur na scoileanna lán-Ghaeilge uile, lastigh agus lasmuigh den Ghaeltacht móide na naionraí a chinntiú in obair na heagraíochta”, a deir ní Ghréacháin.

Ag tagairt do mhana na Comhdhála Leanúntas Inspioráideach an Oideachais lán-Ghaeilge deir aoichainteoir na comhdhála, an Dr TJ Ó Ceallaigh, “le béim ar fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain, ar litearthacht agus ar uimhearthacht, ar theicneolaíochtaí nua agus eile, is tráthúil anois é dearcadh úr críochnúil a thabhairt ar oideachas lán-Ghaeilge ar mhaithe le barr feabhais i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama a chinntiú – feabhas atá leanúnach agus inspioráideach. Tabharfaidh an chomhdháil seo deis do mhúinteoirí leanúntas inspioráideach an oideachais lán-Ghaeilge a fhiosrú trí iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna agus ar fhorbairtí comhaimseartha ag leibhéil éagsúla le súile úra”.

Fáiltíonn Uachtarán na heagraíochta, Máirín Ní Chéileachair roimh rannpháirtithe, aoíanna agus páirtithe leasmhara uile na comhdhála, tráth a chuirfear “clár cuimsitheach fiúntach ar fáil do na forais tumoideachais uile”. Aithnítear go forleathan go bhfuil tábhacht ar leith le comhdháil bhliantúil oideachais Gaelscoileanna Teo., ní amháin mar go gcuireann sé le go mór le hoiliúint ghairmiúil leanúnach na scoileanna lán-Ghaeilge, ach mar cheiliúradh poiblí ar ardchaighdeán na scoileanna lán-Ghaeilge agus is mór againn an deis a bheith páirteach sa cheiliúradh sin”.

Gabhann Gaelscoileanna Teo. buíochas mór le Foras na Gaeilge as an maoiniú do reáchtáil na Comhdhála seo.

Féadfar clárú don Chomhdháil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ag 01 8535195. Tá gach eolas faoin gComhdháil ar www.gaelscoileanna.ie.