Méid an Téacs

Maoiniú de €22,500 ceadaithe do thrí scoil

Lúnasa 13, 2010

Cheadaigh Pat Carey T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, maoiniú de €22,500 do thrí scoil faoi Scéim Feabhsúcháin CLÁR d’Áiseanna Spraoi Lasmuigh de Bhunscoileanna an tseachtain seo.

Is iad na scoileanna atá i gceist ná Scoil Náisiúnta Chluain Banbh (Cloonbonniffe) i gContae Ros Comáin, Bunscoil Naomh Mhichíl i gContae Thiobraid Árann agus Scoil Náisiúnta Mhainistir na Sruthrach i gCorcaigh.
Tá an scoil i Ros Comáin le os cionn seacht míle go leith Euro a fháil mar thacaíocht dá gcuid áiseanna spraoi lasmuigh.
Meastar go gcosnóidh an obair ar fad thart ar €20,000. Deir an tAire Michael Finneran, atá mar Theachta Dála i Ros Comáin agus Deisceart Liatroma, go bhfáiltíonn sé roimh an nuacht seo. Tá an dá scoil eile le €7,500 an ceann a fháil.
Beidh costas iomlán de bheagáinín os cionn €20,000 ar an scoil Chorcaíoch, agus is é €10,144 an costas iomlán a bheidh ar Scoil Naomh Mhichíl.

Fágann sé sin go mbeidh níos lú ná €3,000 le n-íoc ag Scoil Naomh Mhichíl i ndiaidh dóibh an maoiniú seo a fháil.
Tá Scéim Feabhsúcháin CLÁR d’Áiseanna Spraoi Lasmuigh de Bhunscoileanna dírithe ar áiseanna spraoi lasmuigh de bhunscoileanna beaga tuaithe a fheabhsú i gceantair CLÁR. I measc na n-oibreacha éagsúla a dhéanfar beidh féar/tarmac á chur ar chlóis spraoi, cuirfear eangach agus cuaillí báire, ciseáin chispheile srl. ar fáil, chomh maith le háiseanna eile caithimh aimsire do na láithreacha spraoi lasmuigh.

Tá 75% den chostas á mhaoiniú faoi CLÁR i ngach cás, go huasmhéid €7,500, agus an fuílleach ag teacht as acmhainní áitiúla. Ciallaíonn sé sin go mbeifear in ann oibreacha ar fiú €50,006 ar fad iad a chur i gcrích leis an maoiniú tacaíochta seo as CLÁR.
Fágann an infheistíocht is déanaí seo, in áiseanna spraoi lasmuigh de bhunscoileanna, go bhfuil maoiniú €5.8m ar fad ceadaithe faoin mbeart CLÁR seo, agus tá 870 scoil tar éis leas a bhaint as.
“Tá ag éirí thar cionn leis an scéim go dtí seo agus tá na mílte páiste i gceantair CLÁR ag baint leasa as an trealamh nua agus na háiseanna feabhsaithe atá curtha ar fáil dóibh.
Tá a fhios againn uilig go bhfuil áiseanna maithe spraoi i scoileanna thar a bheith tábhachtach agus, mar sin, tá mé an-sásta go deo go mbainfidh na daltaí sa scoil seo leas as an scéim, mar atá déanta ag go leor eile roimhe seo,” a deir an tAire Carey.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
13 Lúnasa 2010