Naíonra ar tí druidim
Deireadh Fómhair 11, 2013
Tá sé curtha in iúl go ndruidfidh doirse Naíonra Bhaile Brigín i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 2014 mar nach bhfuil spás ar fáil dó sa Ghaelscoil áitiúil.
Caillfear ocht bpost agus tá baol ann go gcaillfear lear post eile i naíscoileanna eile ar fud na tíre mar gheall ar chiorruithe.
“Bhí a fhios againn ó thús nach mbeadh na seomraí ar fáil tar éis Mheán Fómhair 2014,” a dúirt Bríd Nic Dhónaill ón naíonra le Seachtain.
“Le costais tógála agus le cíos chomh hard sa cheantar, gan an fordheontas ó Fhorbairt Naíonraí Teo/Foras na Gaeilge ní féidir linn leanúint ar aghaidh. Bhíomar ag brath go hiomlán ar an airgead seo,” a dúirt sí.
Sheol an naíonra 228 litir chuig páistí a bhí ar liostaí feithimh go dtí 2017 ag cur in iúl nach mbeidh spás ann dóibh.
“Is trua anois agus an chéad ghrúpa a bhí sa naíonra ag bogadh ar aghaidh chuig Gaelcholáiste nua sa cheantar go bhfuil deireadh tagtha leis an naíonra,” a dúirt sí.
Chinn Bord Fhoras na Gaeilge go gcuirfí deireadh leis an scéim fóirdheontais do naíonraí atá á riaradh ag Forbairt Naíonraí Teo ó 1999 ag deireadh mhí an Mheithimh.
www.irishtimes.com