Méid an Téacs

Pacáiste Tacaíochta ar fáil d’imeachtaí Gaeilge le linn Oíche Chultúir 2016

Bealtaine 30, 2016

Bheidh Oíche Chultúir ar siúl ar an Aoine 16 Meán Fómhair, ó 5pm go 11pm, agus tá iarracht ar bun cur le himeachtaí Gaeilge (taobh amuigh den Ghaeltacht) le linn na hOíche. D’árdaigh líon na n-imeachtaí Gaeilge 300% anuraidh!

Freastalaíonn thart ar 350,000 duine thar timpeall na tíre ar imeachtaí cultúir, oidhreachta agus ealaíon saor in aisce le linn Oíche Chultúir. Is deis í seo do ghrúpa/scoil a chur chun cinn, baill nua a mhealladh, aird a tharraingt ar bhur n-imeachtaí agus tuilleadh cairdis a chothú leis an bpobal.

Ar mhaithe leis sin, tá pacáiste tacaíochta á chur ar fáil ag an tOireachtas d’aon ghrúpa a bheidh sásta imeacht cultúir, ealaíon nó oidhreachta a reáchtáil trí mheán na Gaeilge ar Oíche Chultúir. (Tabhair faoi deara nach féidir aon táille ar ghearradh ar dhaoine a bheidh páirteach nó a bheidh ag freastal ar imeachtaí na hoíche.) Ba chóir go dtabharfaidh an imeacht deis do chainteoirí Gaeilge níos mó úsáidte a bhaint as an nGaeilge.

Pacáiste Tacaíochta d’Oíche Chultúir:
• Póstaeir le spás do shonraí an imeachta
• Maoiniú airgid (uasmhéid €300) le costais an imeachta a chlúdach
• Poiblíocht san meáin shóisialta, Gaeilge, náisiúnta agus áitiúla

Samplaí d’imeachtaí gur féidir a reáchtáil d’Oíche Chultúir:
Seoltaí (Leabhair, scannáin, taispeántais)
Taispeántais (Ealaíon, Ceoil, Damhsa, Amhránaíochta)
Ceardlanna
Cainteanna
Seónna (Ceoil, drámaíochta)
Turais

Le leas a bhaint as an bpacáiste seo, caithfear sonraí an imeachta/na n-imeachtaí atá i gceist agat a reáchtáil a chlárú ar an bhfoirm thíos, agus má tá tú ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar an gciste airgid, caithfear sonraí measta costais a thabhairt freisin. Caithfear an fhoirm comhlánaithe a chur ar rphost chuig Majella Ní Chríocháin, Oireachtas na Gaeilge ag majella@antoireachtas.ie faoi 5pm ar an gCéadaoin 15 Meitheamh 2016, le bheith áirithe ar an gclár imeachtaí.

Oíche Chultúir LItir 2016