Méid an Téacs

Scoileanna lán-Ghaeilge chun tosaigh

Samhain 28, 2011

D’oscail an tAire Stáit Oiliúna agus Scileanna, Ciarán Cannon comhdháil bhliantúil Ghaelscoileanna ar an Tulach Mór ar maidin.

D’aithin an tAire éileamh suntasach an phobail ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal agus thug sé aitheantas do thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith.

Beidh an chomhdháil oideachais ar siúl ar feadh dhá lá agus ar na hábhair is mó a bheidh faoi chaibidil ag lucht oideachais ná fógairt an Fhorais Taighde ar Oideachas  gur léirigh torthaí na dtástálacha náisiúnta ar chaighdeán an Bhéarla agus an mhata sna bunscoileanna lán-Ghaeilge go bhfuil na scoileanna sin i bhfad os cionn an mheáin náisiúnta.

Ba é seo an chéad uair a rinneadh tástálacha ar na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus dar le Mícheál Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna, daingníonn siad an taighde eile a rinne an Láríonad Sármhaitheasa i bhfoghlaim agus Teagasc an Mhata agus an Eolaíocht a thug le fios go raibh buntáistí ag páistí dátheangacha i bhfoghlaim na mata.

Anuas air sin pléifear an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta i gcomhthéacs na scoileanna lán-Ghaeilge agus beidh ceardlanna agus díospóireachtaí ar na straitéisí is éifeachtaí le barrfheabhas a bhaint amach sna scoileanna lán-Ghaeilge.

©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Samhain 2011