Méid an Téacs

Scrúdú Gaeilge á dhéanamh ag níos lú daltaí

Lúnasa 10, 2012

Duine as gach deichniúr díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar an teanga.

Bhí díolúine ón scrúdú Gaeilge ag breis agus 7,000 dalta a rinne an Ardteistiméireacht i mbliana, is féidir le Foinse a nochtadh.

Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil ardú 35 faoin gcéad tagtha ar líon na ndaltaí Ardteistiméireachta nach ndearna staidéar ar an nGaeilge don Ardteistiméireacht ó 2007.

Ta imní á léiriú maidir leis an ardú 25 faoin gcéad atá tagtha ar líon na ndaltaí meánscoile a bhfuil díolúine ón scrúdú Gaeilge faighte acu – ní dhearna 32,792 dalta staidéar ar an ábhar i rith na scoilbhliana seo caite.

Dúirt Michael McCarthy TD gur údar imní é gur in airde atá na figiúirí ag dul.  Dar leis, caithfear teacht ar chúiseanna an ardaithe: “Bíonn cúiseanna dlisteanacha ag cuid mhór de na daltaí a fhaigheann díolúine ón ábhar seo.  Tá an baol ann go bhfuil an córas ag éirí níos boige, rud nach mór aghaidh a thabhairt air.”

Dúchas

Tugtar díolúine ón nGaeilge do dhaltaí a chaith tréimhsí i dtíortha eile, do dhaltaí ó thíortha eile ó dhúchas nó do dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama acu.  Ta athbhreithniú ar bun ag an Roinn Oideachais ar an gcúrsa reatha.

Léiríonn staitisticí na Roinne go ndearna beagnach 16,000 dalta as an 32,792 a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana, staidéar ar theanga Eorpach eile.

Dar leis an Teachta McCarthy ba cheart tuilleadh airde a thabhairt ar an argóint, gur cheart nach mbeadh ar aon duine a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu, staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta.

“Má deir daltaí go bhfuil deacrachtaí acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, luífeadh sé le réasún go mbeadh na deacrachtaí céanna acu le teangacha iasachta.  Tá gá le cothromaíocht sa chóras áfach toisc nach bhfuil an luach céanna ag an nGaeilge do dhaltaí a bhfuil fonn orthu slí bheatha a bhaint amach taobh amuigh d’Éirinn.”

www.foinse.ie