Méid an Téacs

Seoladh Sheachtain na Gaeilge na Gaillimhe

Feabhra 28, 2013

Rinne ambasadóir Sheachtain na Gaeilge agus láithreoir TG4, Róisín Ní Thomáin, clár na Gaillimhe do Sheachtain na Gaeilge a sheoladh ag tús na seachtaine seo.

Bhí Róisín timpeallaithe ag daltaí Ghaelscoil Dara agus í i mbun na hócáide, tráthúil go leor agus líon ollmhór scoileanna páirteach i Seachtain na Gaeilge na bliana seo. Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo romhainn le Féile Náisiúnta Drámaíochta na gColáistí tríú leibhéal. Rannpháirtíocht an phobail atá mar theachtaireacht Sheachtain na Gaeilge na bliana seo agus go deimhin tugann clár na Féile deis do gach mac máthair, bíodh siad líofa nó lag sa teanga, páirt ghníomhach a bheith acu in imeachtaí na seachtaine.

Chomh maith le clár imeachtaí na féile tá craobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud chontae na Gaillimhe i mbun feachtais chun lucht gnó, scoileanna agus grúpaí pobail a mhealladh i dtreo deiseanna a chur ar fáil don phobal chun an Ghaeilge a úsáid leis an bhfeachtas Seachtain na Gaeilge – Give Irish a Go. Cheana féin tá lear mór den lucht gnó agus grúpaí eile rannpháirteach san fheachtas seo. Tá Clár na Gaillimhe ar fáil anois ó Oifig Chonradh na Gaeilge ag 45 Sr. Doiminic. Deir Siobhán Ní Dhubhfaidh ó Chonradh na Gaeilge “ó thús mhí Eanáir táimid ag obair le grúpaí Gaeilge, grúpaí pobail, bunscoileanna agus meánscoileanna, cumainn tríú leibhéal, lucht gnó agus réimse leathan grúpaí eile agus daoine aonair ag ullmhú an chláir agus tá áthas orainn go bhfuil sé ar fáil anois. Táimid i mbun an chláir a dháileadh fud fad an chontae anois nó is féidir le daoine teagmháil a dhéanamh linn ag 091 567824, conradh@bradan.iol.ie nó tá fáil air freisin ag www.arasnangael.ie.

Dúirt Siobhán go mbeidh dlúthbhaint ag Seachtain na Gaeilge na bliana seo leis an scéim Is leor Beirt, an gréasán náisiúnta de chiorcail comhrá atá forbartha ag Conradh na Gaeilge. Bainfear leas as Is leor Beirt chun sraith imeachtaí a chur ar fáil don phobal le linn Sheachtain na Gaeilge.

www.advertiser/galway.ie