Méid an Téacs

Slán leis an gcoimisinéir teanga

Feabhra 20, 2014

Eagraíodh Lá Mór na Gaeilge sna sála ar fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin go mbeadh sé ag éirí as oifig mar Choimisinéir Teanga, mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Is é an Domhnach seo chugainn, 23 Feabhra, an lá deireanach do Sheán Ó Cuirreáin ina phost mar Choimisinéir Teanga, tar éis dó deich mbliana a chaitheamh ag obair le dúthracht ag iarraidh ar an státchóras freastal mar is cuí ar phobal na Gaeltachta is ar phobal na Gaeilge. Beidh deis ag daoine i gConamara agus i nGaillimh an meas atá acu ar Sheán a léiriú ar an Domhnach seo chugainn, nuair a bhaileoidh daoine taobh amuigh dá oifig sa Sídheán, an Spidéal, le litir a thabhairt dó ag gabháil buíochais leis faoina chuid oibre. Ina dhiaidh sin máirseálfar chomh fada le Roinn na Gaeltachta, áit a mbeidh litir don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley, á shíneadh isteach ag iarraidh air féin agus ar an rialtas deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú ar na baic atá ag an státchóras freastal mar ba cheart ar lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht ina dteanga féin.

Tá eolas breise faoi imeachtaí an Domhnaigh le fáil ó 091 593185, 086 4048881 nó 091 567824.

www.advertiser.ie/galway