Méid an Téacs

Spraoi an tSamhraidh

Iúil 9, 2010

Mar chlabhsúr ar imeachtaí na bliana, tháinig tuismitheoirí, múinteoirí, daltaí agus cairde Ghaelscoil Riabhach le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar bhliain eile curtha i gcrích acu. Mar a tharlaíonn sé, tá deich mbliain slánaithe ag Gaelscoil Riabhach anois.

Feictear cuid de na tuismitheoirí is daltaí Ghaelscoil Riabhach ag baint an-sult as picnic scoile i bPáirc na gCúil, Gort Inse Guaire. Bhí picnic scoile acu i bPáirc na gCúil, Gort Inse Guaire, áit a tháinig formhór de phobal na scoile le chéile le sult a bhaint as dúlra na gcoillte, cluichí sna gairdíní agus an aimsir bhreá.

Bhí Lá Mór Eolaíochta eagraithe ina chuir gach uile rang taispeántas iontach ar siúl do phobal na scoile uile. Tháinig na sluaite isteach chuig suíomh na scoile le breathnú thart ar na giúrléidí is uirlisí iontacha a bhí cruthaithe ag daltaí, rudaí a léirigh a sainthuiscint ar chúrsaí eolaíochta. Ar ndóigh, bhí go leor turais scoile eagraithe do gach uile rang, cuid acu ag gabhail go Bóthar na Trá, ionaid spraoi, ag snámh, Co. an Chláir, go Inis Oírr agus go leor eile. Seá, nach aoibhinn beatha an scolaire!

Bhí lá spórt is spraoi speisialta acu ina raibh rásaí de gach sórt i rith an lá spóirt agus bonn bronnta ar gach uile dalta a ghlac páirt. Bhí rásaí trí chosa, i malaí agus le prátaí ar spúnóga. Bhí seans ag na tuismitheoirí is na múinteoirí a bheith i gcomórtas lena chéile fosta… cuid acu an-comórtasach cinnte!

Agus na rásaí thart, bhí cluiche iománaíochta eagraithe idir dhá fhoireann ón Ghaelscoil. Ina dhiaidh sin, bhí Fête eagraithe ag tuismitheoirí agus coiste na ndaltaí ina raibh rogha de gach ciste milis agus rogha breá di ar fáil. Bhí aghaidheanna le péinteáil, réimse earraí ar dhíol agus cluichí éagsúla eagraithe.

Is cinnte go raibh cúis ceiliúrtha ag Gaelscoil Riabhach agus deich mbliain slánaithe acu. Is cosúil go bhfuil pobal na gaelscoile iontach bródúil as an mhéid atá curtha i gcrích acu is iad ag súil go mór leis na blianta eile a bhéas le teacht.

Galway Independent
07 Iúil 2010