Méid an Téacs

Spraoicheisteanna Fhéile na Gaeilge i gCeatharlach

Aibreán 1, 2014

Reachtáladh réimse an-leathan d’ócáidí Gaelacha i rith Fhéile na Gaeilge ó thús go deireadh Mhí an Mhárta i gCeatharlach.

I measc na n-imeachtaí a bhí ar chlár na féile bhí ceolchoirmeacha, drámaíocht, damhsa, scéalaíocht, ceardlanna agus spraoi. Chomh maith leis sin reachtáladh dhá chomórtas spraoicheist, ceann amháin dírithe ar mhicléinn na hidirbhliana agus ceann eile do bhunscoileanna an cheantair. Tháinig breis is céad dalta ó bhunscoileanna an cheantair maille lena dtuismitheoirí agus a múinteoirí le chéile i gClub Éire Óg ar oíche Luain seo caite chun páirt a ghlacadh i spraoicheist na mbunscoileanna. Bhí 27 foireann páirteach ó ocht scoil éagsúil le daltaí ó Ghaelscoil Eoghain Uí Thuraisc, Scoil Bhaile Nua Dún Leicne, Scoil Dhiarmada, Scoil an Easpaig Úí Fhoghlú, Scoil Mhuire gan Smál, Beann na gCaorach, Scoil Ard Lios agus Scoileanna bhuachaillí agus cailíní an Teaghlaigh Naofa páirteach sa chomórtas.

Bhí idir mhúinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí thar a bheith sásta le caighdeán na gceisteanna. Foireann as Scoil Mhuire gan Smál a bhuaigh an comórtas le Scoil Bhaile Nua Dún Leicne sa dara háit. Bhí foirne as Bheann na gCaorach agus Scoil Náisiúnta Ard Lios ar chomhscór don tríú háit. Bhí beagnach fiche foireann i láthair do Thráth na gCeist na hidirbhliana a bhí ar siúl maidin Mháirt in Ionad Pharóiste na hArdeaglaise le daltaí ó Ghaelcholáiste Cheatharlach, Choláiste Naomh Leoin, Choláiste an Chnoic Bhig agus ó Acadamh Naomh Muire san iomaíocht. Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna le freagairt bunaithe ar cheol, chursaí reatha, spórt, scannáin, stair, tíreolas agus eolas ginearálta. Ag deireadh na mbabhtaí tháinig foireann ó Ghaelcholáiste Cheatharlach sa chéad áit. Bhí foireann eile an Ghaelcholáiste agus Acadamh Naomh Muire ar chomhscór don dara háit agus is buachaillí an Chnoic Bhig a tháinig sa tríú háit.

Chuir na buaiteoirí go léir fáilte roimh na huibheacha cásca a bhí mar dhuaiseanna agus deineadh comhgháirdeachas leis na foirne go léir a ghlac páirt sa dá ócáid taitneamhach. Gabhann Glór Cheatharlach buíochas ó chroí leis na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na foirne uile a bhí páirteach agus le muintir Éire Óg agus Ionad Pharóiste na hArdeaglaise as na háiseanna a chur ar fáil dúinn. Is cinnte go mbeidh éileamh ar a thuilleadh spraoicheisteanna i gcaitheamh na bliana.

www.carlow-nationalist.ie