Méid an Téacs

Teanga d’achan duine

Márta 31, 2014

Chuaigh mé chuig léacht poiblí beomhar i Magh an tseachtain seo caite.

Bhí Linda Ervine ag caint. Tá sí pósta le deartháir David Ervine, an polaiteoir PUP nach maireann. Is Protastúnach í Linda agus tá sí ag cur na Gaeilge chun cinn in oirthear Bhéal Feirste. Agus tá ag éirí go hiontach léi: tá na céadta ag freastal ar ranganna i Misean Oirthear Bhéal Feirste agus is Protastúnaigh iad formhór na mac léinn. Rinne Linda cur síos ar thionchar na bProtastúnach ar chothú agus athbheochan na Gaeilge sa 19ú haois – obair John Mac Adam, an bailitheoir lámhscríbhinní, mar shampla.

Bhí sé an-fhaiseanta ainmneacha agus manaí a ghreanadh i gcloch i nGaeilge ar fhoirgnimh phoiblí i mBéal Feirste sa 19ú haois. (Tá an nós sin ann go fóill, ach le haerasól anois.) Dúirt Linda gur le gach duine an Ghaeilge, chan le páirtí polaitiúil amháin, chan le reiligiún amháin. Léirigh sí go dtugann Eaglais na hÉireann tacaíocht don teanga trí Chumann Gaelach na hEaglaise a eagraíonn seirbhísí agus a fhoilsíonn leabhair. Bíonn seirbhísí i nGaeilge go rialta in Eaglais Phreispitéireach Fitzroy i mBéal Feirste. Bhí plé an-éagsúil ón urlár. Luaigh duine éigin an tsárobair a rinne Cosslett Ó Cuinn, ministir de chuid Eaglais na hÉireann a bhailigh seanchas ó na cainteoirí deireanacha in Inis Eoghain sna 1930dí agus a d’aistrigh an Tiomna Nua go Gaeilge. Rinneadh gearán faoi mhodhanna teagaisc, faoi Ghaeilge riachtanach, faoi thionchar na polaitíochta. Plé ionraic, oscailte a bhí ann agus creidim go raibh formhór an lucht éisteachta báúil leis an Ghaeilge. Tá an obair thrasphobail seo thar a bheith tábhachtach. Ach tá sé an-íoranta ag an am seo nuair atá dul chun cinn iontach ar siúl maidir leis an Ghaeilge mar theanga na nÉireannach uilig, go gcuirfear deireadh le hIontaobhas Ultach, an eagraíocht a dhéanann an méid sin oibre le léiriú gur teanga phobail í an Ghaeilge.

www.derryjournal.com