Méid an Téacs

Tóin ag titim amach as an Ghaeilge mar ábhar GCSE

Lúnasa 27, 2013

Ciarán Dunbar

310 dalta a rinne staidéar ar an Ghaeilge don A-Leibhéal i mbliana, thuas ó 304 dhalta anuraidh. 1,936 a rinne staidéar uirthi don GCSE, arís méadaithe ón bhliain seo caite.

Más scéal maith é sin ar an chéad amharc, is ábhar mór buartha do phobal na Gaeilge sna Sé Chontae é an meath leanúnach atá ar an Ghaeilge mar ábhar GCSE.

Is ionann an GSCE a bheag nó a mhór agus an Teastas Sóisearach sa Phoblacht. Ní féidir comparáid fhurasta a dhéanamh idir an scrúdú ‘A-Leibhéal’ agus an Ardteist áfach ar an ábhar nach dtugtar ach faoi thrí ábhar agus go ndéantar iad sa seachtú bliain ar an mheánscoil de ghnáth, nuair a bhíonn an dalta 18 bliana d’aois.

Rinne 310 duine ‘GSE Irish’ (A-Leibhéal) i mbliana, 249 acu sin i scoileanna.

Arís, má tá cuma scanrúil ar an líon sin ar an chéad amharc ach níl sé chomh dona sin nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an líon a rinne an Fhraincis, 482; an Ghearmáinis, 77; ná an Spáinnis, 436. Ar ndóigh, ní dhéantar an Ghaeilge i scoileanna stáit sa Tuaiscirt – mar sin níl aon fháil ar an Ghaeilge ag idir 40% agus 50% den phobal.

304 a rinne an Ghaeilge don Ard-Leibhéal i 2012, 328 i 2011, 352 i 2010, 339 i 2009, 249 i 2008. Maidir leis an leibhéal ‘AS’ (scrúdú a dhéantar san idirbhliain idir GCSE agus Ard-leibhéal de ghnáth agus a ndéantar cur síos air go minic mar ‘leath’ Ard-Leibhéal) rinne 374 dhalta an Ghaeilge i mbliana, titim ó 431 anuraidh. Rinne 385 an scrúdú AS i 2011, 406 i 2010, 163 i 2009 agus 381 i 2008.

Ar an iomlán tá na huimhreacha seo seasmhach go leor.

Chan ionann an scéal maidir leis an scrúdú GSCE áfach.

1,936 san iomlán a rinne ‘Irish’ (Is ábhar eile í ‘An Ghaeilge’ sa Tuaisceart, féach thíos) i mbliana, 1,829 acu sin i scoileanna. Is méadú é sin ón 1,737 a rinne ‘Irish’ i 2012, dul chun cinn go cinnte.

Ach léiríonn na staitisticí ó na blianta roimhe scéal eile.

Rinne 2,052 ‘Irish’ i 2011, 2,068 i 2009, 2,305 i 2008 agus 2,665 i 2007.

Sin titim thubaisteach agus leanúnach agus tá imní léirithe ag gníomhairí Gaeilge agus ag múinteoirí Gaeilge le ‘Meon Eile’ agus sna meáin shóisialta.

Rinne 144 ‘An Ghaeilge’ i mbliana, is scrúdú é seo atá dírithe orthu siúd atá ag freastal ar Ghaelscoil nó a bhfuil an Ghaeilge ó dhúchas acu.

Rinne 143 ‘an Ghaeilge’ i 2012, 121 i 2011, 133 i 2010, 110 i 2009, 128 i 2008, 100 i 2007.

Mar sin de, tá líon na ndaltaí ag déanamh an scrúdú ‘Gaeilge’ ag feabhsú go mall ach go leanúnach, méadú é sin a bhfuil dlúthbhaint aige le fás na Gaelscolaíochta.

Tuairim mhúinteora

Maidir leis an GSCE ‘Irish’, níl an Ghaeilge ina haonar, tá meath ar theangacha mar ábhar scoile i gcoitinne ag an leibhéal seo, a mhínigh Daithí Ó Muirí, múinteoir Gaeilge in Ardscoil Naomh Pól, ar an tSruthán in Ard Mhacha Theas..

“Is ábhar mór buairimh dúinn go léir líon na scoláirí atá ag roghnú Gaeilge faoi láthair. Tá titim thubaisteach i líon na scoláirí atá ag roghnú teangacha ar scoil ó rinneadh iad a dhífheidhmiú ón churaclam i 2006, agus ó íslíodh an stádas s’acu in eochairchéim a trí,” a dúirt sé.

“D’fhéadfadh seo a bheith conspóideach ach ní léir dom go bhfuil an cath caillte ar fad. Tá gá le hathnuachan sa chur chuige a bhíonn in úsáid sa seomra ranga s’againne sa lá atá inniu ann. Ní mór dúinn an Ghaeilge a lonnú sa saol ina bhfuil ár gcuid scoláirí ina gcónaí ann agus a dhéanamh cinnte nach n-amharctar uirthi mar iarsma nó mar rud nach mbaineann leis an nua-aois.

“Is múinteoirí iontach cruthaitheach agus samhlaíoch iad na múinteoirí Gaeilge ó Thuaidh, go háirithe nuair a bhíodh orainn feidhmiú gan na háiseanna cearta bheith againn agus gan an tacaíocht chuí ón rialtas.

“Má táimid ag gabháil a tharrtháil an Ghaeilge sa chóras oideachais s’againne gan a thuilleadh mhoille – ní mór dúinn amharc ar an dóigh a gcuirtear an teanga i láthair an fhoghlaimeora agus na modhanna múinte a bhíonn in úsáid againn,” ar seisean.

‘Gaelfheachtas’ de dhíth

“Is ábhar buairimh é cinnte dúinn mar Ghaeil nach bhfuil an oiread sin scoláirí ag roghnú Gaeilge ar scoil. Fiú sa scoil ina bhfuil mé féin ag teagasc tá titim bheag feicthe againn le 3-4 bliana anuas sna daltaí a roghnaíonn Gaeilge don GCSE ach buíochas le Dia níl mórán d’athrú ar na huimhreacha a phiocann Gaeilge don AS nó A2,” a deir Dessie Tennyson, Ceann Roinne na Gaeilge, Scoil na Mainistreach, an tIúr.

“Is ábhar imní é seo dúinn uilig. In ainneoin gur tugadh aitheantas oifigiúil don Ghaeilge mar theanga oifigiúil na hEorpa ní fheiceann roinnt scoláirí ná a dtuismitheoirí tábhacht leis an Ghaeilge.

“Is dóigh liom go bhfuil ‘Gaelfheachtas’ de dhíth do scoláirí agus a dtuismitheoirí le bród sa Ghaeilge a chothú,” ar seisean.

Torthaí Maithe Choláiste Feirste

Maidir leis na torthaí GCSE i gcoitinne, d’éirigh le formhór de dhaltaí Choláiste Feirste, Tuath na bhFál, Béal Feirste, an t-aon mheánscoil lánGhaeilge neamhspleách sna Sé Chontae, d’éirigh leo ar a laghad an tagarmharc de 5 GCSE A*- C a bhaint amach.

Tá Coláiste Feirste i measc na scoileanna ilchumasacha is fearr sna Sé Chontae, iad sa 7ú áit dar le tuairisc san ‘Irish News’ le déanaí. Ní raibh ach meánscoil amháin (nach scoil ghramadaí í) chun tosaigh ar Choláiste Feirste i mBéal Feirste, sin St. Louise’s.

“Is léir go ndeachaigh an obair iontach a bhí á déanamh ag na daltaí agus foireann na scoile, gan trácht ar thacaíocht na dtuismitheoirí, go mór i bhfeidhm ar bhaint amach na gcailíochtaí; gráid mhaithe a baineadh amach thar réimse leathan ábhar.

Tá muid ag dúil le fáilte mhór ar ais a chur roimh na daltaí agus iad ag leanstan ar aghaidh le hoideachas trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Mícheál Mac Giolla Ghunna, príomhoide na scoile i ráiteas an tseachtain seo caite.

Dea-Scéal sna Glinntí

Agus fá dheireadh, tá éacht déanta ag cailín óg i nGlinntí Aontroma óir tá A* bainte amach san A-Leibhéal ag Luíseach Mathers, nach bhfuil ach 14 bliain aici.

Iardhalta de chuid Bhunscoil an Chaistil í Luíseach Ruadh agus is iníon le Réamaí agus Sinéad Mathers í.

“Tá sinn an-bhródúil aisti mar chailín óg 14 bliain d’aois atá in ann A* an bhaint amach,” a dúirt a hathair, Réamaí Mathers le ‘Meon Eile’.

“Ach níos tábhachtaí ná sin go bhfuil sí bródúil féin as a dúchas, as a dúiche agus as a teanga a labhairt mar chuid lárnach dá saol.”

As an 11 páiste i rang a seacht i nGaelscoil an Chaistil, Baile an Chaistil, bhain ceathrar acu A* agus bhain an seachtar eile A amach, éacht eile gan amhras.

[Scrúduithe sa samhradh amháin atá i gceist leis an alt seo]

www.meoneile.ie