Méid an Téacs

‘Ultach’ ar son comhthuisceana

Deireadh Fómhair 14, 2013

An tseachtain seo caite rinne mé tuairisc ar an chomhdháil a d’eagraigh Altram faoin réamhscolaíocht.

Bhí achan duine sásta leis na himeachtaí, ach bhí muid níos mó ná sásta leis na málaí sona a fuair muid ag an deireadh. I measc na n-ábhar oideachasúil a fuair muid bhí dhá leabhrán ó Ultach, nó Iontaobhas Ultach,(an chéad teideal a bhí ag an eagras). ‘An Ghaeilge/The Irish language’ an t-ainm atá ar an chéad leabhrán; ‘Logainmneacha/Placenames’ an teideal atá ar an dara ceann. Is iad na logainmneacha bealach isteach amháin chuig an Ghaeilge. Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin go raibh mé ag dul trí Bhéal Feirste i dtacsaí. Dúirt an tiománaí liom gur Phrotastúnach é agus go mbeadh sé ag déanamh cúrsa Gaeilge: chuir sé spéis sna logainmneacha nuair a bhí sé ag tiomáint thart timpeall na cathrach agus ba mhian leis níos mó a fhoghlaim fúthu. Chuir mé ceist orm féin: ‘Cad chuige a bhfuil sé ag rá sin liomsa?’ Rinne mé dearmad go raibh an Fáinne thuas agam.

Tá an ‘An Ghaeilge/The Irish Language’ thar a bheith maith.Tosaíonn sé le fréamhacha na teanga. Tá píosa ann ar an seanchóras scríbhneoireachta, Ogham. Ansin tá cur síos ann faoi mheath na Gaeilge agus ar an Athbheochan: léirítear tábhacht na bProtastúnach i gcothú na Gaeilge. Tá nótaí ann ar an oideachas, ar na meáin agus ar na healaíona. Tá dhá leathanach ann ar fhocail Ghaeilge sa Bhéarla agus ar fhocail ó theangacha eile sa Ghaeilge. Tá caibidil an-suimiúil ag an deireadh faoi na sloinnte. Tá na leabhráin saor in aisce ó ‘Ultach’, agus tá siad ar an Idirlíon fosta. Is fiú go deo amharc ar an suíomh ultach.org: gheobhaidh tú liosta de na leabhair d’fhoghlaimeoirí a d’fhoilsigh an t-eagras agus de leabhair a scriosann an bhréag gur le pairtí polaitiúil amháin nó le reiligiún amháin í an Ghaeilge.

www.derryjournal.com

Foilsithe ar Gaelport.com 14 Deireadh Fómhair 2013

Derry Journal – Liam Uilliam Eoghain