Méid an Téacs

Oscailt Oifigiúil Choláiste Dhún Másc

Deireadh Fómhair 12, 2017

Cuireadh tús oifigiúil le Coláiste Dhún Másc ar an Aoine, an 15ú Meán Fomhair le idir daltaí, foireann na scoile, comhairleoirí, tuismitheoirí agus aíonna speisialta ón mBord Oiliúna agus Traenála agus an Foras Pátrúnachta i láthair ar an lá speisialta, stairiúil seo. Tosnaíodh an ócáid le dreas beag ceoil ó na daltaí, a sheinn réimse de shaghasanna ceoil difriúla agus a chan i nGaeilge agus i mBéarla, i gcoimeád le cultúr agus atmaisféar na scoile.

Chuir Joe Cunningham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhoird Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uibh Fháile tús leis na horáidí ar an lá, agus ba léir an lúcháir a bhí air agus é ag labhairt faoi dhúshlán an fheachtais don scoil nua ón tús go dtí lá cinniúnach na hoscailte agus cé chomh sásta is a bhí sé leis an dul chun cinn a bhí déanta. Mhol sé gach éinne as an gcabhair agus an tacaíocht a bhí faighte acu agus ghabh sé buíochas leo araon.

Spreag na daltaí oráid Paul Fields, stiúrthóir scoile leis an mBord Oideachais agus Oiliúna. D’iarr sé ar na daltaí cur síos a dhéanamh ar an scoil nua ag usáid 6 fhocal, ceann de na freagraí a fuair sé ná “Éadaí nua, bróga nua,cáirde nua” a léirigh i slí iontach conas mar a bhraith na daltaí faoi thús saoil na scoile.

Labhair Cathaoirleach Chomhairle Chontae Laoise, Pádraig Fleming, faoin bhfiúntas a bhain le scoil nua a bheith sa bhaile agus gur mór an onóir é do na daltaí a bheith mar na céad daltaí riamh i gColáiste Dhún Másc.

Ina óráid, labhair Caoimhín Ó hEaghra ón bhForas Patrúnachta faoi thairbhe an dátheangachas agus ghuigh sé gach rath ar an bhfoireann agus ar na daltaí ina saoil scoile amach anseo. Mhínigh sé gurb é an Fóras Pátrúnachta príomh phatrún an oideachais trí mheán na Gaeilge le 56 Gaelscoil agus 5 mheánscoil faoina bpátrúnacht go dtí seo. Is é seo an chéad uair don Fhoras a bheith i gcomhpháirt leis an mBord Oideachais agus Oiliúna agus mhol Caoimhín an teacht le chéile seo a chinntigh tús na scoile nua. Dúirt seo gurb iontach an rud é a bheith ábalta oideachas dara leibhéil trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir Phort Laoise.

Chuir an príomhoide, Aoife Elster, an béim ar na daltaí féin, ag míniú dóibh gurb iad tús, lár agus críoch na scoile. Labhair sí faoi na féidearthachtaí a bhí amach rompu mar gheall ar an méid oibre a rinneadh agus a dhéanfaí sna toghchaí lena cinntiú go mbeadh gach aon deis sa saol acu. Rinne sí tagairt freisin do thraidisiún na foghlama agus na Gaeilge a bhí san fhoirgneamh le céad bliain anuas, ó ranganna Gaeilge Conradh na Gaeilge, go naíonra Peggy Uí Dhuifin a spreag bunú na Gaelscoile agus fiúntas filleadh ar an traidisiún sin mar Ghaelcholáiste.

B’í Cathaoirleach Bord Oideachais agus Oiliúna, agus comhairleoir áitiúil Phort Laoise, Caroline Dwane-Stanley a d’oscail an scoil go hoifigiúil. Chuir sí béim ar an tábhacht a bhí leis an scoil nua a bheith insan bhaile agus cé gur álainn an foirgneamh a bhí ag an scoil, nach raibh ann ach láthair sealadach go dtí go mbeadh foirgneamh buan ar fáil. D’fhógair sí go raibh litir scríofa aici chuig an Aire Oideachais, Richard Bruton, cuimhneamh ar sheanchlochar an bhaile don láthair scoile nua, ionas go mbeadh beocht na ndaltaí scoile i lár an bhaile athuair. Diaidh ar ndiaidh a tógtar na caisleáin, agus más aon léargas é an obair atá déanta go dtí seo, cinnte go rachaimid ó neart go neart agus go mbeidh toghchaí rathúla i ndán dúinn.

Caoimhín ó hEaghra (An Foras Patrúnachta) ag oscailt oifigiúil Choláiste Dhún Másc

Oscailt Oifigiúil Choláiste Dhún Másc