Méid an Téacs

Polasaithe Iontrála sna Gaelscoileanna

Bealtaine 7, 2008

 

POLASAITHE IONTRÁLA SNA GAELSCOILEANNA –

CÓRAS OSCAILTE DO CHÁCH

 

Fáiltíonn GAELLSCOILEANNA TEO. roimh an deis aitheantas a thabhairt do na Gaelscoileanna ar fud fad na tíre as polasaithe agus cleachtais uile-ghabhálacha a bheith i bhfeidhm do phaistí na tíre seo arb é mian a dtuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a bheith ag a gcuid páistí. Aithnítear an ghaelscolaíocht mar rogha tarraingteach do gach páiste sa tír seo, ar a n-áirítear páistí as cúlraí éagsúla socheacnamaíochta, páistí nua sa tír as cúlraí eagsúla teangeolaíochta, páistí i gceantair faoi mhíbhuntáiste móide páistí le riachtanais speisialta. Léiríonn proífíl na bpáistí sna Gaelscoileanna gur córas é atá oscailte do chách.

 

In ainneoin an éilimh ollmhór, tá an-chuid dúshláin le sárú ag na Gaelscoileanna.  Áirítear i measc na ndúshláin seo géarchéim na cóiríochta sna bunscoileanna, cosaint córais an luath-thumoideachais, freastal ar éileamh agus leanúnachas gaeloideachais ó leibhéal go leibheál. Tá dúshláin ar leith ag baint le tacaíochtaí cuí a chur ar fáil do shainriachtanais na gaelscolaíochta, mar a bhaineann le páistí le riachtanais speisialta. Táimid ag súil le deiseanna leanúnacha comhoibrithe leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis na dúshláin seo a shárú.

 

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta, ina leith "Baineann rath agus sár-éifeacht an chórais gaelscolaíochta le h-ardchaighdeán oideachais, mar a bhaintear amach i gcóras an tumoideachais. Is córas oscailte uileghabhálach é atá i bhfeidhm ina ndéantar ceiliúradh ar shaibhreas na héagsúlachta agus is saibhrede ár scoileanna de réir mar a chuirtear le líon na bpáistí le próifíl agus cúlraí éagsúla. Léiríonn na liostaí feithimh sna Gaelscoileanna agus an ró-shuibscríobh gur mó an t-éileamh ná an soláthar. Ach ní mór aghaidh práinneach a thabhairt ar shárú na ndeacrachtaí infrastruchtúir agus eile chun go leanfar leis an éileamh."

 

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tuarascáil le déanaí a léiríonn na príomhthorthaí ar iniúchadh ar chleachtais iontrála 1,572 bhunscoil agus 426 iarbhunscoil, le céatadán an-íseal Gaelscoileanna san áireamh. Cuireann an tuarascáil seo tús oifigiúil le próiseas comhairliúcháin ar pholasaithe iontrála scoileanna na tíre seo, chun a chinntiú go mbíonn polasaithe agus cleachtais uile-ghabhálacha ag gach scoil. Beidh GAELSCOILEANNA TEO. ag súil go mór leis an deis páirt a ghlacadh sa phróiseas chomhairliúcháin poiblí seo. Tugann an tAire rabhadh áfach faoi údarás aon eolas staitisticiúil, mar atá léirithe, chun léirmhíniú cruinn a thabhairt ar chúinsí, ach go háirithe ar chúinsí áitiúla scoileanna. Sa chomhthéacs seo, maíonn an tAire nach dtugann an t-eolas aon ábhar imní faoin gcóras ar an iomlán.

 

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.  Tá 169 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair. Tá aitheantas sealadach ag ceithre bhunscoil lán-Ghaeilge agus tá siad beartaithe le hoscailt i Meán Fómhair 2008.

 

Tuilleadh eolais:

Bláthnaid ní Ghréacháin                 01 4773155

Mícheál Ó Broin                                087-9467700

oifig@gaelscoileanna.ie    

CRÍOCH