Méid an Téacs

Ranganna, tionscnaimh & ceardlanna ceoil trí Ghaeilge

Márta 27, 2013

Cuireann ‘An Mobile Music School’ cláir ceoil, ranganna dírithe ar na huirlisí agus ceardlanna ar fáil i scoileanna. Tá foireann iontach proifisiúnta againn. Tá gach duine againn cáilithe agus ina theannta sin, tá taithí iontach againn. Bheadh an fhoireann sásta na ranganna a chur ar fáil trí mhéan na Gaeilge. Is minic a bhíonn an fhoireann i dteagmháil le scoileanna agus go dtí seo, tá suim mhór léirithe ag scoileanna ins na ranganna atá a chur ar fáil againn. Ar an ábhar sin, ba bhreá linn deis a fháil labhairt leat agus ár ndóigh cúpla rang nó ceardlann a chur ar siúl i do scoil.

Faoi láthair, tá dhá tairiscint iontach á chur ar fáil againn. Táimid ag súil le ‘Lá na nDrumaí’ a chur ar siúl i scoileanna. Cosnaíonn na laethanta seo €2 an dalta ar an mbunús go bhfuil idir 27 – 32 dalta i ngach rang. Ina theannta sin, is féidir linn cláir seachtainiúil a chur le chéile ó €1 an dalta.

Má tá spéis agat na ceardlanna nó na ranganna iontacha seo a chur ar siúl, ná bíodh drogall ar bith ort dul i dteagmháil linn. Bheadh muid an-sásta glacadh le ceisteanna agus tá an fhoireann ag súil go mór le cloisteáil uait.

www.mobilemusicschool.ie

shay@mobilemusicschool.ie

087-2995666