Méid an Téacs

Aighneacht ar Shamhail Mhaoinithe Fhorais na Gaeilge

Márta 27, 2012

A chara na gaelscolaíochta,

Tá do chúnamh agus tacaíocht de dhíth orainn chun cur i gcoinne scrios iomlán ar earnáil na Gaeilge deonaí agus earnáil na gaelscolaíochta ach go háirithe.

Gabhaim buíochas mór leo siúd a shínigh an achainí go dáta agus a scríobh aighneachtaí chuig Foras na Gaeilge cheana. Is é an Luan seo chugainn, 2 Aibreán, an spriocdháta do na haighneachtaí. Bheinn buíoch díot as lucht d’aitheantais a spreagadh le é a shíniú freisin.

Thíos, gheobhaidh tú aighneacht shamplach a leagann amach na mór-ábhair imní agus an baol ollmhór atá ann don 19 n-eagraíocht, GAELSCOILEANNA TEO. san áireamh, atá ag treabhadh an ghoirt le blianta fada chun leas na Gaeilge, agus na gaelscolaíochta, inár gcás. Tá fíor-fáilte romhat ábhar na haighneachta iniata a úsáid chun aighneacht a chur le chéile  agus a sheoladh chuig Séan Ó Cearnaigh,  Comhordaitheoir Freagairtí, Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 nó ar rphost: eolas@forasnagaeilge.ie.

Aighneacht Shamplach don Phobal

Leagaim amach thíos eolas a d’fhéadfá a úsáid freisin san aighneacht chun tacú linn chur i gcoinne na samhla seo de bharr an scrios a dhéanfar ar earnáil na Gaelscolaíochta agus ar GAELSCOILEANNA TEO. dá bharr.

Bheinn fíor-bhuíoch díot as aighneacht a chur (fiú mura bhfuil ann ach cúpla líne), agus ba mhór agam dá gcuirfeá cóip chugam freisin chun go mbeidh taifead agam ar líon na n-aighneachtaí. Tá sé i gceist ag an bhForas gach aighneacht a chrochadh ar an suíomh láithreach, ach más é do rogha é nach ndéanfar cáipéis phoiblí as, ní mór duit é sin a chur in iúl agus tú á cur faoi bhráid an Fhorais.

Más mian leat aon chuid de a phlé nó treoir bhreise, bheinn an-sásta a chloisteáil uait. Táimid fíor-bhuíoch díot as do chomhoibrithe agus tacaíochta.
Le mór-mheas,
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, GAELSCOILEANNA TEO.

Eolas ábhartha faoi na himpleachtaí d’earnáil na Gaelscolaíochta:

  • Is iad na scoileanna lán-Ghaeilge sa tír seo baill na heagraíochta agus is na baill a threoraíonn clár oibre na bliana trí na rúin a rithear ag an gCruinniú Cinn Bliana agus trí na héilimh ar chúnamh ar an eagraíocht go leanúnach. Sa chás go mbeadh Foras na Gaeilge ag aithint réimsí na scéimeanna móide na torthaí a mbeifeá ag dúil leo, tá baol an-mhór ann nach mbeadh cur chun cinn na gaelscolaíochta ag teacht le tosaíochtaí ná le mianta na scoileanna. Bheadh baol láidir ann nach mbeadh forbairt na hearnála gaeloideachais ag tarlú i mbealach atá ábhartha do phobal na gaelscolaíochta nó ar bhealach a rachadh chun leasa na hearnála.
  • Tá an clár oibre atá leagtha amach sa tSamhail nua seo go h-iomlán saintreorach. Níl aon áit ann do neamhspleáchas an bhoird ag ceapadh a chuid polasaithe ná clár oibre féin, de réir ár saintuiscint agus saineolas ar an earnáil.
  • Tá saintaithí, saineolas agus saintuiscint léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO. le 40 bliain anuas. Bheadh cailliúint an saineagraíocht seo agus a cuid tionscadail, seirbhísí tacaíochta, tograí srl. tubaisteach d’earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge.
  • Tá GAELSCOILEANNA TEO. ionadaíoch ar gach scoil lán-Ghaeilge sa tír, beag beann ar phatrún agus ar shainmheon creidimh. Is í Gaelscoileanna Teo.  an t-aon eagraíocht tacaíochta agus abhcóideachta a dhéanann stocaireachta ar son na scoileanna lán-Ghaeilge go léir ag an dá leibhéal. Tá obair riachtanach ar bun ag GAELSCOILEANNA TEO., obair nach bhfuil á comhlíonadh ag aon eagraíocht eile agus obair a bhfuil an-éileamh cruthaithe ann di sa trí mhór-réimse 1) bunú scoileanna, 2) buanú  scoileanna agus 3) forbairt scoilphobail.
  • Chomh maith le deireadh a chur le leanúnachas eagraíochtaí, bainfear de neamhspleáchas na hearnála cláracha oibre eagraíochtúla a cheapadh agus a chur i bhfeidhm a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail dá réir de thoradh na moltaí atá ag Foras na Gaeilge.  Gan trácht ar an mbaol do réimse mór scileanna, feasa agus saineolais na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe.
  • Tá GAELSCOILEANNA TEO. i bhfabhar athstruchtúrú ar an earnáil dheonach a bheadh chun leasa a) earnáil na Gaeilge trí chéile agus b) earnáil na gaelscolaíochta ach go háirithe. Tá an eagraíocht i bhfabhar aon chóras nua a mbeadh seirbhís fheabhsaithe d’ár mbaill mar thoradh air, a léireodh éifeacht agus éifeachtúlacht feabhsaithe, comhoibriú feabhsaithe agus comhroinnt acmhainní, saineolas agus saintaithí i mbealach comhordaithe, trédhearcach. Ní fheictear áfach go mbeadh de thoradh ar an athstruchtúrú atá molta ach a mhalairt de sprioc.
  • Tá gá le croí-mhaoiniú leanúnach a bheith ar fáil don earnáil gaelscolaíochta i dtreo is gur féidir an tacaíocht chuí a chur ar fáil go fadtéarmach agus go seasmhach do na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge agus mar thacaíocht dá gcuid pobail.
  • Tá obair riachtanach ar bun ag GAELSCOILEANNA TEO., obair nach bhfuil á comhlíonadh ag aon eagraíocht eile agus obair a bhfuil an-éileamh cruthaithe ann di sa trí mhór-réimse 1) bunú scoileanna, 2) buanú  scoileanna agus 3) forbairt scoilphobail.
  • Tá caomhnú agus tacaíocht leanúnach d’fhás earnáil na gaelscolaíochta riachtanach do chaomhnú na Gaeilge mar theanga bheo agus riachtanach chun soláthar a dhéanamh do chearta bunreachtúla an tsaoránaigh  ar oideachas trí mheán na Gaeilge.
  • Príomhaidhm na scéime oideachais nua: Tacaíocht a sholáthar i gcomhar leis na páirtithe cuí don ghaelscolaíocht, do theagasc na Gaeilge i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc agus imeachtaí idirscoile a reáchtáil. I bhfianaise an méid oibre atá le tabhairt faoi le forbairt a dhéanamh ar agus tacaíocht a thabhairt don ghaelscolaíocht ag an dá leibhéal níl scóip na scéime seo réadúil, inmholta ná indéanta ar chúiseanna straitéiseacha ná ar chúiseanna maoinithe. Bheadh impleachtaí an-suntasacha ann d’fheidhmiú agus d’éifeacht na hoibre sa dá réimse seo. Tá an dá réimse ró-éagsúil óna chéile le sainriachtanais agus pobail éagsúla acu. Ní ghá ach an oiread go n-aontódh an dá réimse seo lena chéile i gcónaí (mar shampla maidir le caighdeán agus dúshláin na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste).
  • Scorfar foireann GAELSCOILEANNA TEO. agus caillfear a lán saineolais ar an earnáil dá bharr.

I measc moltaí GAELSCOILEANNA TEO., áirítear:

  1. Moltar don bhForas fianaise a chur ar fáil don earnáil trí chéile ar na ceisteanna seo:-
  2. An straitéis as a dtáinig bunús na samhla. Ní mór go léireofaí nasc láidir idir aon samhail nua mhaoinithe agus Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, straitéis Fhoras na Gaeilge agus ról na n-eagraíochtaí iontu.
  3. An taighde ar a bhfuil an tSamhail Nua Mhaoinithe bunaithe.
  4. An bunús pleanála teanga atá leis an tSamhail.
  5. Eolas faoin anailís costas-tairbhe agus / nó cost-éifeacht a bhaineann leis an gcuíchóiriú molta .
  6. Tá saineolaithe idirnáisiúnta sa phleanáil teanga ag moladh go ndéanfaí coincheap na Samhla a chaitheamh i dtraipisí de bharr go ndéanfaidh sí dochar aimhleasach don teanga. Tá sé riachtanach go dtuigfeadh an earnáil cur chuige an Fhorais gan sainchomhairle a leanúint.
  7. Cruthúnas a thabhairt ho mbeidh na hathruithe molta chun leas na Gaeilge.
  8. Tá buiséad de €21M ag an bhForas, caitheadh €7.2M de sin ar na heagrais bhunmhaoinithe. Eolas a thabhairt faoin athbhreithniú atá beartaithe ar an €13.8M de sin atá á chaitheamh ar thuarastal, costais agus seirbhísí tosaigh an Fhorais féin.
  9. Luaitear sa cháipéis chomhairliúcháin go bhfuil an ocht ndréachtscéim molta chun riar ar thosaíochtaí straitéiseacha agus ar bhunphrionsabail phleanála teanga. Ní mór eolas a thabhairt don phobal ar cé na bunphrionsabail seo agus na tosaíochtaí straitéiseacha atá i gceist.