Méid an Téacs

Aip úr eile don óige seolta ag TG4

Nollaig 10, 2012

Seoladh an ceathrú aip don óige de chuid TG4, ‘Ag Spraoi le Claude’ bunaithe ar an tsraith chlúiteach do pháistí, an tseachtain seo caite agus é ar fáil anois ar stór iTunes.

Cartún is ea ‘Ag Spraoi le Claude’ a bhaineann le béar bán a bhogann ón Mol Thuaidh go cathair ghréine agus bíonn neart le foghlaim aige toisc an suaitheadh cultúir mór a bíonn i gceist. Is mór an chabhair é dlúth chara Claude, Brian, a chuidíonn leis aithne a chur ar a shaol nua.

Is le cuidiú Bhriain agus Claude a imríonn páistí cluichí spraíúla i réimsí ar leibhéil éagsúla éascaíochta san aip. Foghlaimíonn páistí scileanna tábhachtacha; comhaireamh agus tomhas fuaimeanna ina measc agus iad ag baint spraoi as cluichí cuimhne, aimsithe agus péinteála agus míreanna mearaí. Tá an aip féin an-simplí le húsáid agus iomlán feiliúnach do pháistí réamhscoile.

Níl ach táille fíor bheag €1.79 ar an aip agus tagann sé sna sála ar na haipeanna eile a seoladh le déanaí – Cúlacaint 2 agus Olly an Veain Bheag Bhán, atá saor le híoslódáil. Is leor na focail Gaeilge, Cúla4 nó TG4 a úsáid mar fhocal cuardaigh agus tú le teacht ar an aip in iTunes.

Foilsithe ar Gaelport.com