Méid an Téacs

An bhfuil tusa ábalta Baile le Gaeilge a dhéanamh de do Phobalsa do TG4?

Aibreán 12, 2011

Tá sraith úrnua á léiriú ag TG4 agus Adare Productions ina mbeidh pobail nach pobail Ghaeltachta iad in ann dul in iomaíocht lena chéile le bheith ina mBuaiteoirí G-Team 2011 agus duais €40,000 ó Fhoras na Gaeilge a bhuachan
le húsáid chun a gceantar áitiúil a chur chun cinn. Beidh an clár nua agus nuálach seo urraithe ag Foras na Gaeilge.

Seard atá sa‘G-Team’ sraith nua 10 clár ar TG4 ina bhfeicfear pobail nach labhraínn Gaeilge ó cheann ceann na hÉireann agus dúshlán a thabhairt dóibh ár dteanga dhúchasach a úsáid ina saol ó lá go lá. An bhfuil do bhúistéir áitiúil in ann feoil a dhíol leat i nGaeilge? An bhfuil na tuismitheoirí áitiúla in ann go leor den teanga a fhoghlaim le scéal a léamh dá leanaí ag am codlata?

Tá Ceannairí Foirne le Gaeilge i ngach réigiún á lorg againn faoi láthair lena mbaile féin a chur san iomaíocht agus le bheith i gceannas ar iarracht a bpobal a ‘G-Day’ (Lá na Gaeilge) féin a bhaint amach.

Is éard a bheidh in ‘G-Day’ an lá a thiocfaidh na ceamaraí chuig an mbaile le féachaint ar an bpobal agus féile á reáchtáil acu agus dian-iarracht á déanamh acu an Ghaeilge a labhairt i gcaitheamh an lae. Beidh na ceannairí foirne i gceannas ar gach gné den ullmhúchán ag druidim le G-Day ar an lá féin. Beidh na ceannairí foirne freagrach as muintir an bhaile a spreagadh dul i ngleic le dúshlán an G-Team chomh maith, agus an Ghaeilge a úsáid ó lá go lá sna seachtainí
roimh an fhéile.

An ceannaire foirne tusa? An gcónaíonn tú i bpobal a bhainfeadh tairbhe agus taitneamh as dúshlán An G-Team? An féidir leat do phobal áitiúil a eagrú, a threorú agus a spreagadh a seacht ndícheall a dhéanamh agus dul san iomaíocht i gcomórtas fíor-náisiúnta? Más ea, ba mhaith linn é a chlos uait…

An 11 Aibreán beidh foirm iarratais do An G-Team ar fáil don chéad uair ar láithreán gréasáin TG4. An lá sin, agus go ceann 2 seachtaine ina dhiaidh sin- agus sin amháin – beidh ceannairí foirne ó bhaile ar bith nach baile Gaeltachta é, ar fud na tíre, in ann iarratas a dhéanamh.

Meet ‘An G-Team’ judges:

Lorcan MacGabhann
Chaith Lorcán tréimhsí  oibre le Conradh na Gaeilge, le  hÓgras, le Bord na Gaeilge, ina Fheidhmeannach Sinsearach i mBord na Gaeilge , le bhForas na Gaeilge agus ó 2001 mar Cheannasaí le Glór na nGael. Is bunaitheoir agus Cathaoirleach é ar Ghaelscoil Thaobh na Coille ó 1995 i leith. Ba cisteoir agus ball de Bhord Stiúrtha Gaelscoileanna Teo é ó 2000 – 2004. Ba cathaoirleach é agus is ball de Bhord Stiúrtha Foras Patrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge é ó 1996 go dáta.

Rossa Ó Snodaigh
Rossa, ceoltóir agus gníomhaí teanga agus duine de bhunaitheoirí an bhanna rac Gaeilge ‘Kíla’.   D’oibrigh sé go dian dicheallach le Gaelscoil a bhunú ina cheantar áitiúil Cluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma.   Bhí an-bhaint freisin ag Rossa le bunú an ‘Speaker’s Square’ i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath agus is é a bhíonn i mbun ‘Puball Gaeilge’ Electric Picnic gach bliain.

Mary Hanafin
Iarmhúinteoir meánscoile Gaeilge agus Staire í Mary Hanafin.   Chaith sí cheithre bliana déag ina Teachta Dála agus sa tréimhse sin bhí sí ina hAire Oideachais agus Eolaíochta (2004-08), ina hAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (2008-10), in hAire Turasóireachta, Cúltúir agus Spóirt (2010-11) agus ina hAire Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta (2011).

Le tuilleadh eolais d’fháil, déan teagmháil le:
Adare Productions ag 01 2843877