Méid an Téacs

An Ghaeilge á ceiliúradh i measc na n-imirceach

Aibreán 19, 2011

Bronnfar gradam ar dhuine eiseamláireach amháin a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc imirceach in Éirinn ag gradaim Metro Éireann  a bheidh ar siúl i Mí an Mheithimh. Beidh Foras na Gaeilge ag déanamh urraíochta ar an gcatagóir seo den chéad uair.

Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar na daoine, grúpaí, eagraíochtaí agus iriseoirí a chuireann le tuiscint thrascultúrtha. Chuir an nuachtán trascultúrtha tús leis na gradaim sa bhliain 2002 agus i mbliana tá  na gradaim urraithe ag An Post, Oifig lánpháirtithe Chomhairle Cathrach Átha Cliath, Foras na Gaeilge, The Irish Times agus stiúideo MK Design.

Roinnfear na gradaim i gcatagóir ilcultúrtha agus catagóir na meán agus cuirfear fáilte roimh iarratais ón earnáil dheonach, earnáil stáit agus earnáil phríobháideach chomh maith leis na meáin chlóite, craolacháin agus idirlín.

Is féidir daoine nó eagraíochtaí atá ag obair ar son na Gaeilge a ainmniú do ghradaim Fhoras na Gaeilge .Is féidir leis an bpobal ainmniúchán a dhéanamh do na gradaim i mbliana ar shuíomh gréasáin www.mamaawards.com.

©Foilsithe ar Gaelport.com 19 Aibreán 2011