Méid an Téacs

An múnla nua pléite ag cruinniú CATT

Samhain 26, 2013

Tionóladh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) in Ard Mhacha ar 20 Samhain 2013.

Mar a tuairiscíodh ar Gaelport.com an tseachtain seo, tá gearrliosta i dtaca le próiseas iarratais an mhúnla nua maoinithe roghnaithe ag Foras na Gaeilge.

Beidh go dtí 6 Nollaig ag 14 eagras ar éirigh leo céim 2 den phróiseas a bhaint amach aighneachtaí substainteacha a ullmhú mar chuid den chéad bhabhta eile den iarratas. Bunaithe ar mheasúnú na n-aighneachtaí scríofa, cuirfear ceannasaithe agus cathaoirligh na n-eagras faoi agallamh idir 6 agus 10 Eanáir 2014.

Le linn an chruinnithe, nótáil na hAirí an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge le linn na tréimhse Iúil-Samhain 2013 i dtaca leis an múnla nua maoinithe a thiocfaidh in áit i 2014. I dtuarascáil a sholáthar Foras na Gaeilge, cuireadh síos ar “Bearta leanúnacha do chur i bhfeidhm na socruithe nua maoinithe, lena n-áirítear léirithe spéise a lorg ó eagraíochtaí incháilithe ar mian leo go ndéanfaí breithniú orthu nuair atá eagraíocht cheannais á roghnú”.

Chuir Foras na Gaeilge in iúl le déanaí gur cuireadh moill ar cheapachán Chomhairleoir Bainistithe Athraithe, a chabhróidh na heagraíochtaí a chuir in oiriúint do na socruithe úra, go dtí Eanáir 2014. Scríobh baill an Fhóraim (grúpa a chuimsíonn 80% de na heagrais bhunmhaoinithe reatha) chuig Airí na CATT roimh chruinniú na seachtaine seo ag iarraidh go síneofar an próiseas reatha de bharr na moille seo.

Glacfar cinneadh i leith na 6 cheanneagraíocht ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge ar 17 Eanáir 2014.

©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Samhain 2013