Aonach Eolaíochta na mBunscoileanna 2014 san RDS
Iúil 18, 2013
Anois agus deireadh na scoilbhliana linn, táimid cheana féin ag féachaint ar aghaidh chuig an téarma nua atá romhainn. Is é seo an t-am le bheith ag smaoineamh ar Aonach Eolaíochta na mBunscoileanna san RDS.
Má tá bealach ar leith á lorg agat le heolaíocht agus mata a chur chun cinn sa seomra ranga, tugann an Aonach deis do 120 bunscoileanna tionscadail STEM (Science, Technology, Engineering and Mathematics) a léiriú mar chuid den taispeántas. Beidh painéal saineolaithe ann le haiseolas a thabhairt do na daltaí agus tabharfaidh an Aonach deis dóibh cuairt a thabhairt ar thionscnaimh eile ag an gcomórtas mór le rá, an Eolaí Óg (BT Young Scientist and Technology Exhibition).
Beidh an Aonach ar siúl idir 9-11 Eanáir 2014 agus tá sé oscailte do ranganna 4, 5, 6 agus ranganna Eochair Chéim 2. Ní comórtas atá san Aonach, cuirtear an béim ar comhoibriú le daltaí eile agus scileanna san eolaíocht a shaothrú.
I measc na ceisteanna a cíoradh ag Aonach 2013 bhí:
- Conas a chuireann mála scoile isteach ar sláinte droma agus muid á iompar?
- Conas is féidir le fear sneachta maireachtáil níos faide?
- Cén branda cadhnaire a mhairfidh níos faide i gciorcad simplí?
Beidh deis ag scoileanna léiriú suime a dhéanamh i Meán Fómhair 2013. Cláraigh leis an eolas is déanaí a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig primarysciencefair@rds.ie; glaoigh ar 01 2407990 nó tabhair cuairt ar www.rds.ie/primarysciencefair.