Méid an Téacs

Béim ar bhuntáistí an ilteangachais sa phacáiste gairmthreorach Céim Chun Tosaigh

Deireadh Fómhair 30, 2012

DVD le seoladh ag Lynette Fay ag Oireachtas na Samhna

Is í an craoltóir de chuid BBC agus TG4, Lynette Fay, a sheolfaidh an pacáiste gairmthreorach Céim Chun Tosaigh: Ag Obair le Gaeilge go hoifigiúil ag 5.00pm ar an Aoine 2 Samhain i Leitir Ceannainn ag Oireachtas na Samhna.

Is pacáiste gairmthreorach é Céim Chun Tosaigh: ag obair le Gaeilge atá curtha i dtoll a chéile ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge do dhaltaí atá sa tsraith shinsearach ag an dara leibhéal ar fud na tíre.

Tá i gceist ag ‘Céim chun Tosaigh: ag obair le Gaeilge’ eolas a chur ar fáil maidir le cúrsaí tríú leibhéil, deiseanna oiliúna agus na deiseanna éagsúla a bheidh ar fáil do scoláirí tar éis na scrúduithe Ardteiste agus A leibhéil.

Is é an clár is déanaí sa tsraith atá léirithe ag an dá eagraíocht ó d’éirigh go hiontach leis an bpacáiste eile, Cuireadh chun cainte. Bhí na físeáin ó Chuireadh chun Cainte ar na físeáin Ghaeilge ba mhó éilimh in Earrach na bliana 2012 ar YouTube.

Tá méadú suntasach ar úsáid na bhfón soghluaiste i measc an aosa óig ach go háirithe, agus tá i gceist go mbeidh daoine óga ag breathnú ar na físeáin bheaga pé áit ar mhian leo.

Curtha i láthair ag Ciarán Ó Conghaile agus Sibéal Davitt, cloisimid scéal beathaisnéisí ó aisteoir, ealaíontóir, preas-oifigeach san airm, múinteoir ríomhaireachta, dlí-theangeolaí, ateangaire, tuairisceoir nuachta, múinteoir Gaeilge thar lear, stiúrthóir naíonra, agus múinteoir surfála ar chuidigh an Ghaeilge go mór leo spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach ó thaobh gairme de.

Anuas air sin, tugtar aird ar staid reatha na fostaíochta i réimsí oibre éagsúla agus is cosúil gur éirigh le roinnt de na rannpháirtithe poist dhúshlánacha le Gaeilge a bhaint amach i bhfad i gcéin ó Nua-Eabhrac go dtí an Bhruiséil.

Leis sin, tugtar léargas ar na scileanna inaistrithe a bhíonn ag scoláirí a bhfuil cúpla teanga ar a dtoil acu agus na réimsí oibre éagsúla atá oscailte dóibh.

Tá fotheidil Ghaeilge agus Bhéarla ar fáil sa DVD agus beidh sé áisiúil mar áis teagaisc i scoileanna ar bhonn uile-oileáin.

Ar na rannpháirtithe a ghlac páirt sa tionscadal bhí:

Elaine Ní Bhraonáín, Baile Átha Cliath : teagascóir Gaeilge i Nua-Eabhrac

Ciara Roosli, Port Láirge: teagascóir surfála ar an Trá Mhór i gCo. Phort Láirge

Joanne Uí Chuana, Baile Átha Cliath: bean ghnó atá i bhfeighil naíonraí i gCúige Laighean

Pat O’Connor, Gaillimh: Preas-oifigeach le hÓglaigh na hÉireann

Mícheál Ó Leidhin, Ciarraí: Iriseoir le Nuacht RTÉ

Vivienne Breathnach, Cill Chainnigh: dlí-theangeolaí leis an gCoimisiún Eorpach

Breda Ní Mhaoláin, Gaillimh: ateangaire leis na hinstitiúidí Eorpacha

Sinéad Ní Mhaonaigh: ealaíontóir atá ina cónaí i gCill Mhantáin

Diarmaid Murtagh, Co. Cabháin: Aisteoir Rásaí na Gaillimhe agus Seacht

Is í an craoltóir de chuid BBC agus TG4, Lynette Fay, a sheolfaidh an DVD go hoifigiúil ag 5.00pm ar an Aoine 2 Samhain ag Seomra Glendowan, Óstan Mount Errigal.

Is le cúnamh maoinithe ó Fhoras na Gaeilge; ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus ó Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge an áis teagaisc ar fáil.

Seolfar pacáistí eolais chuig scoileanna ar fud na tíre sna seachtainí amach romhainn. Tuilleadh eolais ar fáil ó eolas@gaelport.com.